Tá diúltaithe ag an Dáil do bhille a cheadódh ginmhilleadh i gcásanna a mbeadh éalang mharfach ar fhéatas.
An Teachta Dála Sóisialach Clare Daly a dhréachtaigh an Bille a buaileadh, 104 vóta in aghaidh 20.
Phléigh Páirtí an Lucht Oibre an t-ábhar agus comhairle dlí an Ard-Aighne ar feadh 2 uair a chloig roimh an vóta.
Sa Dáil bhí ceannasaí Fhianna Fáil mí-shásta nár roinneadh an chomhairle sin ar gach teachta.
Bhí sé ráite ag an Taoiseach gurbh é barúil an Ard-Aigne gur sárú ar an mBunreacht a bhí sa mBille a bhí dréachtaithe.
Bhí éileamh déanta ag Clare Daly ar an Taoiseach comhairle dlí an Ard-Aighne faoin ábhar a fhoilsiú.
Dúirt an TD Sóisialach chomh maith go raibh sé áiféiseach ag an Tánaiste fuip Pháirtí an Lucht Oibre a chur ar theachtaí san vóta.
Chaith Anne Ferris, TD de chuid an Lucht Oibre, vóta in aghaidh an Rialtais agus ar son an Bhille. Sheas Ciara Conway leis an Rialtas.
Deir Clare Daly go seasfadh an chuid eile de Pháirtí an Lucht Oibre léi “dá mbeadh aon choinsias acu.”
Trí bliana ó shin sheol 20 TD ón Lucht Oibre litir ag an Aire Sláinte ag iarraidh air reachtaíocht den chineál céanna a fheidhmiú.