skip to main content

An tArdeaspag Oscar Romero le beannú ag an Eaglais Chaitliceach

An tArdeaspag Oscar Romero
An tArdeaspag Oscar Romero

D'fhógair an Pápa Proinsias gur mairtíreach is ea an tArdeaspag Oscar Romero a feallmharaíodh in El Salvador 35 bliain ó shin agus go mbeannófar é amach anseo. Dúirt an Pápa gur laoch é Oscar Romero don Eaglais Chaitliceach i Meiriceá Láir agus Theas.

Lámhachadh an tArdeaspag agus Aifreann á cheiliúradh aige i séipéal ospidéil i mí an Mhárta 1980. Buíon fear a raibh baint acu le hArm El Salvador a chreidtear a bhí freagrach as an bhfeallmharú. 

Meastar gur mharaigh siad é mar gur cháin sé go minic an leatrom a bhí á imirt ag Rialtas El Salvador ar mhuintir na tíre.

Bhí 250,000 i láthair ag a shochraid, ceannairí eaglasta ón tír seo ina measc. Scaoil buíon fear leis an slua ag an tsochraid freisin agus maraíodh suas le leathchéad.