Tá Bord Gáis chun praghsanna gáis agus leictreachais a laghdú idir 2% agus 3% ó lár mhí Márta.

Laghdú 3.5% in aghaidh an aonaid a dhéanfaidh an comhlacht ar ghás agus laghdú 2.5% ar leictreachas in aghaidh an aonaid. Measann an comhlacht go mbeidh titim €29 ar an méan ar bhille gáis agus beidh suas le €25 de shábháil ar bhillí leictreachais.

Bhí brú ag teacht le tamall ar chomhlachtaí fuinnimh a gcuid praghsanna a laghdú mar gheall ar an titim mhór atá tagthaí ar phraghas ola le gairid.  Deir Bord Gáis gur mar gheall ar athbhreithniú leanúnach a dhéanann an comhlacht ar chostais fuinnimh atá praghsanna á laghdú.