Dúirt an Pápa Prionsias nach gciallaíonn teagasc na heaglaise ar bhreithrialú gur cheart do Chaitlicigh ‘bheith mar a bheadh coiníní’ agus clanna móra bheith acu.

Ghabh sé leithscéal as an tagairt do choiníní  a úsáid.

Ní raibh sé ag tacú le breithrialú saorga, a dúirt sé, agus bhí go leor bealaí a bhí ceadaithe ag an eaglais lena chinntiú nach mbeadh in aon teaghlach ach an lion páistí a bhí uathu.

‘Cuid de shaicrimint an phósta’ é páistí a thabhairt ar an saol, a dúirt sé.

Thug sé a thacaíocht don tuismitheoireacht a bhí freagrach, agus thagair sé do shaineolaithe daonra a mholann gan níos mó ná triúr páistí bheith i dteaghlach.

Bhí an Pápa ag labhairt le hiriseoirí ar a bhealach abhaile óna chuairt ar an Áis, áit ar mheall sé sluaite thar cuimse.

I rith a chuairte ar na hOileáin Fhilipíneacha an tseachtain seo caite, chosain sé go láidir  an cosc a chuir an Pápa Pól VI ar Chaitlicigh  i 1968 an fhrithghiniúint a úsáid.