Bhí oifigigh sinsearacha ón Triúracht i mBaile Átha Cliath inniu do chomhdháil le hathbhreithniú a dhéanamh ar thaithí na hÉireann ar chúrsaí tarrthála idirnáisiúnta.
Bhí Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, i measc na gcuairteoirí.
Mhol Christine Lagarde muintir na hÉireann agus dúirt gurb iad agus a n-ionadaithe laochra an scéil.
Bhí an tAire Airgeadais Michael Noonan agus Gobharnóir an Bhainc Ceannais Patrick Honohan páirteach sa gcomhdháil chomh maith.
Dúirt an t-Uasal Honohan, go nglacann sé leis gur éirigh go cuíosach maith leis an gclár tarrthála ach nach raibh sé gan locht.