Tuairiscítear go bhfuil na scórtha fuadaithe i ruathair sa gCamarún ag an ngrúpa Ioslamach as an Nigéir, Boko Haram.
Tá Camarún agus an Nigéir ag síneadh lena chéile.
Leanaí den chuid is mó a fuadaíodh san ionsaí trasteorann a dúirt oifigigh.
Beidh cruinniú ag ceannairí san Afraic Thiar an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar bhealaí le dul i ngleic leis an ngrúpa mílisteach, Boko Haram.