Maíonn Al Qaeda i Éimin gurb iad a bhí taobh thiar de na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar oifigí na hirise, Charlie Hebdo i bPáras na Fraince an tseachtain seo caite.

Dúradh an méid seo i bhfíseán atá curtha ar shuíomh You Tube. 

Idir an dá linn eagrán den iris Charlie Hebdo maidin inniu.

Seo an chéad eagrán atá curtha i gcló ó maraíodh 17 nduine sna hionsaithe i bPáras. 

De bharr éilimh ollmhór ar na trí mhilliún cóip den iris ar maidin cuirfear dhá mhilliún chóip bhreise  i gcló anois.

Foilsíodh an t-eagrán reatha de Charlie Hebdo i sé theanga éagsúla.  Seasca míle cóip go hiondúil a bhíonn ar díol.