Tráthnóna a fhógrófar Eolaí Óg na Bliana san RDS i mBaile Átha Cliath.
Beidh duais airgid €5,000 chomh maith le trófaí le bronnadh ar an mbuaiteoir.
Beidh deis ag an té a thugann an phríomhdhuais leo páirt a ghlacadh i gcomórtas Eolaí Óg an Aontais Eorpaigh freisin.
Thug os cionn 18,500 duine cuairt ar an RDS inné leis na tionscadail eolaíochta éagsúla a fheiceáil.
Tá an comórtas ar an bhfód le hos cionn leathchéad bliain. Breis is 500 tionscnamh a bhí ar taispeáint san RDS i gcomórtas na bliana seo.