Sa Fhrainc, maraíodh dáréag agus gortaíodh fiche duine eile nuair a rinne triúr fear ionsaí lámhaigh ar oifigí an nuachtáin aoire Charlie Hebdo i bPáras. Déantar magadh go minic faoin gcreideamh Ioslámach ar an nuachtán. 

Triúr fear a raibh púicíní dubha orthu agus a raibh raidhfilí uathoibríocha acu a chuaigh isteach sna hoifigí ar Rue Nicolas Appert i lár Pháras agus a scaoil leis an bhfoireann ansin. 

Thug na fir na cosa leo i gluaistéan Citroën a thréig siad ansin i dtuaisceart na cathrach. Glactar leis ag an tráth seo gur antoiscigh Ioslámacha atá sna fir. 

An carr Citroën a thréig na hantoiscigh

Bagraíodh ar lucht Charlie Hebdo go minic cheana. Thug antoiscigh foláireamh roimhe seo do dhuine den dream a maraíodh ar maidin, an cartúnaí Stephane Charbonnier. 

Foilsítear cartúin mhagúla faoin gcreideamh Ioslámach ar Charlie Hebdo go minic. Go gairid roimh an ionsaí, foilsíodh cartún magúil faoi Abu Bakral-Baghdadi - ceannaire an Stát Ioslamaigh san Iaráic - ar chuntas Twitter an nuachtáin.