skip to main content

Giúiré á roghnú do chás Dzhokhar Tsarnaev i mBostún

Dzhokhar Tsarnaev
Dzhokhar Tsarnaev

Tá tús curtha i mBostún sna Stáit Aontaithe leis an bpróiseas le giúiré a roghnú do thriail Dzhokhar Tsarnaev, an fear 21 bliain d'aois atá cúisithe in ionsaithe buamála a dhéanamh ag maratón Bhostúin i mí Aibreáin na bliana 2013.

Maraíodh triúr agus gortaíodh breis is 260 duine sna hionsaithe. Má chiontaítear  Dzhokhar Tsarnaev, d'fhéadfaí pionós an bháis a ghearradh air.

D'iarr an chosaint ar an mbreitheamh an triail a aistriú go cathair eile, ach diúltaíodh don iarratas. Tá Dzhokhar Tsarnaev ag pléadáil neamhchiontach sa tríocha cúis atá curtha ina leith.