skip to main content

"Ní hé lá na gaoithe lá na scolb" a deir an seanfhocal ach is beag aird a thugann lucht an Dreoilín ar an ráiteas sin

An dreoilín sona seascair ina nead shúgáin.
An dreoilín sona seascair ina nead shúgáin.

"Ní hé lá na gaoithe lá na scolb" a deir an seanfhocal ach is beag aird a thugann lucht an Dreoilín ó dheas ar an ráiteas sin.

Go háirithe inniu nuair go bhfuil Rí na nÉan, an Dreoilín go seascair ina nead shúgáin, cuma faoin aimsir. 

Agus an droch-aimsir ag scuabadh trasna na tíre - gaoth agus báisteach ó dheas, sneachta agus fuacht ó thuaidh, is beag bac a chuirfear ar bhuíonta ceoil, amhráin agus rinnce an Dreoilín agus iad ag soláthar scoth-siamsaíochta agus spleodar don tslua ata tuirseach i ndiaidh ró-ampla an lae inné. 

Beidh tuairisc ag Seán Mac an tSíthigh le blas den spleodar sin ó Dhaingean Uí Chúis ar Nuacht TG4 ag 16.15.