Vótáil an Dáil aréir ar son rún ó Shinn Féin le haitheantas mar stát a thabhairt don Phailistín.
Tugadh aitheantas sa rún freisin do cheart mhuintir na Pailistíne a dtodhchaí féin a roghnú.
Bhí Ambasadóir na Pailistíne chuig Éirinn Admad Abdelrazek i láthair sa Dáil don díospóireacht.
Chuir teachtaí na bpáirtithe uile agus na teachtaí neamhspleácha fáilte roimh an rún.
Cháin an tIar-Aire Dlí agus Cirt Alan Shatter foclaíocht an rúin, á rá go bhféadfafdh sé tuiscint níos caolchúisí ar an gcoimhlint idir Iosrael agus an Phailistín a léiriú.
Mhaigh Leascheannaire Shinn Féin gur teachtaireacht láidir tacaíochta atá sa rún Dála, agus go raibh Éire anois i measc na 135 tír a thugann aitheantas mar stát don Phailistín.
Dúirt Mary Lou McDonald freisin go mbeadh sé mícheart cinneadh a chur ar atráth go mbeadh comhbheartas socraithe san Aontas Eorpach