Níor éirigh le héileamh Michael McKevitt, ina iarratas san Ard-Chúirt go scaoilfí as an bpríosún láithreach é.
Tá McKevitt ag cur téarma príosúin 20 bliain isteach as sceimhlitheoireacht a stiúradh agus as a bheith ina bhall den IRA.
Mhaígh McKevitt gur chóir go dtabharfaí faoiseamh aon tríú cuid den phianbhreith atá á chur isteach aige dó mar gur ghlac sé páirt i ngníomhaíochtaí struchtúrtha sa phríosún.
D’éiligh McKevitt go raibh sé i dteideal go scaoilfí saor luath ón bpríosún é mar gur ghlac sé páirt i ranganna éagsúla agus é ann, ina measc ranganna drámaíochta, ióga, Fraincíse, ríomhaireachta agus rinne sé cúrsa maidir le scríbhneoireacht chruthaitheach leis an Ollscoil Oscailte freisin.
Dúirt an tAire Dlí is Cirt Frances Fitzgerald go raibh sí i dteideal iarratas McKevitt a dhiúltú agus chuir sí tuairimí na nGardaí agus ábhar eile a bhaineann leis an mbaol go mbrisfeadh sé an dlí an athuair san áireamh freisin agus cinneadh á ghlacadh aici. Dhiúltaigh an Breitheamh Peter Kelly cinneadh an Aire Dlí is Cirt a chur ar neamhní agus dhiúltaigh sé iarratas Michael McKevitt.