skip to main content

Páipéar polasaí ar easpa dídine faoi chaibidil ag an Rialtas

Easpa dídine daoi chaibidil ag an Rialtas
Easpa dídine daoi chaibidil ag an Rialtas

Tabharfaidh an tAire Comhshaoil Alan Kelly páipéar polasaí os comhair Rialtais ina mbeidh beartais chun cúnamh a thabhairt do dhaoine gan dídean.  

Bhí cruinniú ag Fochoiste Comhaireachta ar an ábhar seo inné.

 Dúirt an tAire Kelly go bhfuil sé dóchasach go gcuirfidh An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA) roinnt foirgneamh ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na heaspa dídine.

 Fógraíodh ag fóram éigeandála an tseachtain seo caite go gcuirfear 260 áit éigeandála ar fáil do dhaoine a bhíonn ag codladh amuigh.

Moltar sa pháipéar polasaí go gceannódh an Stát óstán chun cóiríocht éigeandála a chur ar fáil. Costas €20 milliún Euro atá luaite leis an bpacáiste. 

Deir an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Brendan Howlin go bhféadfadh ról a bheith ag NAMA chun tithíocht shóisialta a chur ar fáil do dhaoine gan dídean. 

Dúirt sé go bhfuil soláthar dóthanach talún agus acmhainní ar fáil don ghníomhaireacht chun cuidiú leo aghaidh a thabhairt ar easpa dídine.