D’inis dlíodóirí ar son an Stáit don Ard-Chúirt go gcuirfidh an Rialtas iarratas chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) , ar chás na ‘bhFear Cochaill ‘a atbhreithniú.
Grúpa fear iad seo a ghaibh fórsaí slándála na Breataine i dTuaisceart Éireann i 1971.
Rialaigh an ECHR i 1978 nach céasadh a bhí sa drochíde a tugadh do na fir fad a bhí siad faoi choineáil.
Imríodh díothú céadfach ar na fir ar bhealaí éagsúla, ina measc cochall bheith orthu ar feadh tréimhse leanúnach, iad a fhágáil gan chiúnas, gna uisce, gan chodladh ná bia, agus iad a chur i riocht sceimhlithe.
Rialaigh an ECHR i 1978 gur tugadh drochíde mídhaonna agus táireach do na fir ach nárbh ionann sin agus céasadh.
Bunaíodh an rialú sin ar fhianaise leighis ó rialtas na Breataine a mhol nach mbeadh mórthionchar ag an drochíde ar na fir, agus gurb é an gnáthshaol laethúil i dTuaisceart Éireann ag an am ba chúis leis seachas and drochíde.
Chuaigh na fir chun na hArd-Chúirte féáchaint le cur ar an Stát iarratas a chur chuig an ECHR ar chinneadh 1978 a athbhreithniú.
Tháinig an agóid dhlithiúil seo de bhun chlár ó Ionad Imscrúdúcháin RTÉ a léirigh nach raibh an fhianaise a tugadh don ECHR iontaofa.