skip to main content

Inniu 'Cibear-Luan', an lá is treise siopadóireachta idirlín sa bhliain.

Inniu 'Cibear Luan' - an lá a caitear an mhéid is mó airgid ar líne sa bhliain. Ceaptar go gcaithfear €4b an mhí seo, ardú 2% thar 2013
Inniu 'Cibear Luan' - an lá a caitear an mhéid is mó airgid ar líne sa bhliain. Ceaptar go gcaithfear €4b an mhí seo, ardú 2% thar 2013

Inniu 'Cibear-Luan', an lá is treise siopadóireachta idirlín sa bhliain agus súil go gcaithfear €22m in Éirinn amháin inniu.  Tá miondíoltóirí ag feitheamh le hardú caiteachais don gcéad uair le cúig bliana.

Deir Retail Ireland go gcaithfear suas le €4b an mhí seo, méadú 2% ar an méid a caitheadh mí na Nollag anuraidh.

Tá na figiúirí seo bunaithe ar mhéadú i ndíolacháin miondíola, ar mhéadú i líon na n-oibrithe fostaithe san earnáil agus misneach i measc tomhaltóirí.  

Deir an t-eagras go gcaithfidh teaghlaigh idir €650 agus €750 sa bhreis an mhí seo thar míonna eile na bliana. 

Tagann an tuar dearfach seo ar an gceathrú Luan roimh an Nollag, an lá ar a dtugtar 'Cibear-Luan' air de bharr an mhéid airgid a chaitear ar-líne an lá seo gach bliain.

Meastar gur féidir a cinntiú go mbeidh earraí a ordofar inniu taghta in am don Nollaig. 

Moltar do dhaoine bheith cúramach faoi na suíomhanna ar a gcaitheann siad a gcuid airgid, agus faoina gcuid sonraí creidmheasa a thabhairt uathu.