Maraíodh cearthar Iosraelach agus gortaíodh ochtar eile nuair a rinne beirt fhear ionsaí ar shionagóg in iarthar Iarúsailéim ar maidin. Tuairiscítear go raibh gunna, sceana agus tua ag an mbeirt. Mharaigh póilíní Iosraelacha an bheirt ina dhiaidh sin. 

Deirtear gur Palaistínigh ó oirthear Iarúsailéim a bhí sa bheirt fhear. Dúirt Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go n-imreofar an lámh láidir ar Phalaistíngh mar gheall ar an ionsaí. 

Tá an choimlint idir Iosraelaigh agus Phalaistínigh in Iarúsailéim méadaithe le roinnt seachtainí. Baineann an t-aighneas is deireanaí le cearta crábhaidh ag láthair bheannaithe laistigh de bhallaí ársa na cathrach.

Dúirt an eagraíocht thuata Fronta Pobail i gcomhair Shaoirse na Palaistíne gurb iad a bhí freagrach as an ionsaí.