Chosain príomhfheidhmeannach an RDS an láthair sin mar ionad don Chomhdháil Gréasáin i 2015.
Bhí Michael Duffy ag labhairt ar RTÉ ar maidin, tar éis do Paddy Cosgrave, duine de bhunaitheoirí na comhdhála, amhras a tharraingt inné ar an RDS mar ionad don bhliain seo chugainn.
Deacrachtaí leis an gcóras WiFi ba mhó a ghoill ar lucht eagraithe na comhdhála. Tuairiscíodh go raibh deacrachtaí leanúnacha ag an 20,000 duine a d’fhreastal ar an gcomhdháil caighdeán sásúil WiFi a rochtain.
Dúirt Michael Duffy gur dúshlán é don teicneolaíocht WiFi freastal go sásúil ar ghrúpa mór daoine atá bailithe le chéile i láthair chúng. Is fearr, a deir sé, a oibríonn sé nuair atá daoine scaipthe thar achar níos leithne
Tá iarrtha acu ar an RDS cead a thabhairt dóibh soláthar WiFi seachtrach a thabhairt isteach.
Idir an dá linn, tá comh-ráiteas eisithe ag lucht eagraithe na comhdhála agus an RDS,a deir go bhfuil an dá dhream i gcomhar lena chéile féachaint leis na fadhbanna a réiteach roimh an gcéad ócáid eile i 2015.