Ba é inniu an dara lá d'Oireachtas na Gaeilge atá ar siúl i gCill Áirne i gContae Chiarraí.
Tá mórchomórtas amhránaíochta na bhfear ar siúl faoi láthair.
Tá sé á bheochraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tá neart siamsaíochta, ceol, dramaíocht agus agallaimh beirte ar bun freisin ansin ó cuireadh tús leis an bhféile inné.
Beidh cósir béagéide na Samhna ar bun anocht agus beidh an craoltóir Rónán Mac Aodh Bhuí i mbun an chabaret craiceáilte níos deireanaí.
Leanfaidh an tOireachtas go Domhnach.
San oíche amárach a thionólfar ceann de mhórimeachtaí na féile, Corn Uí Riada.