skip to main content

Tá fiosrúchán coirlosctha ar siúl faoin tine inar maraíodh fear 55 bliain d’aois i dteach i mBré, Contae Chill Mhantáin.

Fear 55 bliain d'aois marbh de bharr thine i mBré
Fear 55 bliain d'aois marbh de bharr thine i mBré

Maraíodh fear 55 bliain d'aois i dtine i dteach ar Ascaill Oldcourt i mBré  ar maidin.

Fógraíodh marbh ar an láthair David Costigan, athair cúigear clainne.

Bhí sé i gcathaoir rotha.

 Tá fiosrúchán coirlosctha ar bun ag na Gardaí.

Níor gortaíodh fear sna 20aí a bhí sa teach ag am na tine.

 Thosaigh an tine sa teach ar Ascaill Oldcourt thart ar 4.30 ar maidin.

Thóg Seirbhís Dóiteáin Chill Mhantáin David Costigan as an teach agus rinneadh iarracht é a athbheochan, ach fógraíodh marbh ar an láthair é.

In Ospidéal Cholmcille i mBaile Lochlainn atá an scrúdú iarbháis. 

Ba mhaith le Gardaí Bhré dul i dteagmháil le finnéithe nó le haon duine a chonaic aon rud amhrasach i gceantar Ascaill Oldcourt roimh 4.30 ar maidin.

Is féidir glaoch ar 01-6665300, ar Líne Rúnda an Gharda Síochána 1800 666 111, nó ar aon stáisiún Garda.