Tá Cumann Haemaifilia na hÉireann ag éileamh go gcuirfí cógas leighis nua ar fáil go luath do 350 duine a bhfuil an víreas Heipitíteas C orthu agus atá go dona tinn dá bharr.
Deir an Cumann nach bhfuil na daoine sin in ann glacadh leis an gcógas leighis Interferon agus go bhfuil siad i mbaol báis mar gheall air sin.
Tá grúpa saineolaithe ag scrúdú conas is fearr cóir leighis chuí a chur ar fáil do na hothair. Deir Cumann Haemaifilia na hÉireann nár chóir am a mheilt.
Tá costas 45,000 euro agus 32,000 euro an ceann ar dhá chógas leighis nua a thugtar do dhaoine uair amháin.
Tá 38 duine a bhfuil haemaifilia orthu tar éis bháis de bharr Heipitítis C go dtí seo.