Deir Coimisinéir Eatramhach An Gharda Síochána go bhfuil liamhaintí nua faoin gcóras curtha ar aghaidh chuig Ombudsman na nGardaí.
Ina ráiteas tráthnóna, deir Nóirín O’Sullivan gur thug sí liamhaintí faoi Ghardaí gan bheith ag feidmhiú pholasaithe agus ghnáthaimh mar ba cheart don Aire Dlí agus Cirt, a chuir ar aghaidh don Ombudsman iad.
An Sáirsint Maurice McCabe, atá ag comoibriú le fiosrúcháin an Ombudsman, a chuir na liamhaintí faoina bráid.
Tá tús curtha aici, a deir an Coimisinéir O’Sullivan, le hiniúchadh ar fheidhmniú chóras Phointí Pionóis na Muirear Seasta, tar éis athruithe bheith déanta air mí an Mheithimh seo caite.
Deir Nóirín O’Sullivan go bhfuil sí i ndáiríre faoi na liamhaintí seo.