skip to main content

Ecofin sásta cead a thabhairt d'Éirinn costas iasachtaí a laghdú - Noonan

An tAire Airgeadais Michael Noonan sásta lena mhargadh le Ecofin
An tAire Airgeadais Michael Noonan sásta lena mhargadh le Ecofin

Rinne an tAire Airgeadais Michael Noonan cur síos dá chomhghleacaithe san AE inniu, ar phlean na hÉireann filleadh ar na margaí airgeadais idirnáisiúnta le fiachas na tíre a ghlanadh go luath.

Ag cruinniú de chuid Ecofin inniu, thug na hAirí cead d'Éirinn filleadh ar na margaí idirnáisiúnta d'fhonn ráta úis níos ísle a shocrú. 

Chiallódh sé seo go laghdódh aisíocíochtaí bliantúla an stáit de €450m ar an iasacht €18 an IMF i 2010. 

5% an ráta úis ag an am, dhá oiread an ráta reatha. 

Cuirfear tús lei díol bannaí sna margaí idirnáisiúnta roimh dheireadh na bliana.