Dúirt aturnae fhear céile Savita Halappanavar, an bhean a bhásaigh in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh i 2012 agus í ag súil le páiste, nár inis Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dósan ná dá chliant gur smachtaíodh naonúr fostaithe a raibh baint acu lena cúram.
Dúirt Gerard O'Donnell gur ó RTÉ ar maidin a fuair sé amach go raibh an gníomh smachta curtha i bhfeidhm. Cháin sé Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoin easpa cumarsáide. Tá fear céile Savita Halappanavar, Praveen, ag cur an dlí ar an bhFeidhmeannacht.
Dúirt Gerard O'Donnell go bhfuil a chliant thar lear faoi láthair agus nach bhfuair sé deis é a chur ar an eolas go fóill faoin gcor is deireanaí.
Dheimhnigh an Fheidhmeannacht ar maidin gur smachtaíodh an naonúr.
Chuir Grúpa Ospidéal an Iarthair agus an Iarthuaiscirt tús anuraidh le fiosrúchán faoin gcúram a tugadh do Savita Halappanavar san ospidéal. Dúradh ag an am go bhféadfaí cuid d'fhoireann an ospidéil a smachtú, nó fiú daoine a bhriseadh as a bpost, de thoradh an fhiosrúcháin.
Rinneadh athbhreithniú ar an mbaint a bhí ag deich nduine is fiche le cúram na mná. Cinneadh nach raibh aon chás le cur in aghaidh duine is fiche acu ach go raibh gníomh smachta ag dul don naonúr eile.
Tugadh fógra scríofa do roinnt fostaithe agus cuireadh athoiliúint agus meantóireacht ar an gcuid eile. Níor briseadh aon duine as a bpost agus níor cuireadh aon duine ar fionraí.
Tá fiosrúcháin eile ar bun ag forais rialála leighis. Cáineadh roinnt cleachtas maidir le seirbhísí máithreachais in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh i dtuarascáil a d'fhoisigh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte anuraidh.