Tá an chomhlacht eitleoireachta ag ligean le 300 fostaí sealadach nó fostaithe atá ar conradh a ligean chun siúil, chomh maith le hiarraidh ar 90 duine eile dul ar iomarcaíocht.
Comhlacht as Ceanada é Bombardier, agus tá sé ar cheann de na fostóirí is mó i dTuaisceart Éireann.
Dúirt an comhlacht ar maidin gur mar chuid d'athstruchtúrú an chomhlachta atáthar ag lorg na gciorraithe seo.
Bhí Bombardier ag earcú suas le 250 fostaí nua i mí Dheireadh Fomhair 2013, nuair a sheol Príomh Aire na Breataine, David Cameron síneadh nua leis an monarcha.
Tagann na ciorruithe seo sna sála ar dhea-scéala fostaíochta an chomhlacht seirbhísí gnó Deloitte ag tús na seachtaine, nuair a d'fhógair siadsan go mbeadh 350 folúntas le líonadh acu i mBéal Feirste