skip to main content

Dhiúltaigh an tArd-Chúirt cead dúshláin do Eric Eoin Marques in aghaidh cinneadh an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí

An cúisí Eric Eoin Marques
An cúisí Eric Eoin Marques

Líomhnaítear gur le Eric Eoin Marques suíomh darbh ainm 'Freedom Hosting', an suíomh is mó a bhfuil trácht ábhar pornagraíochta linbh ar domhan air. 

Tá sé de dhíth ar na húdaráis i Stáit Aontaithe Mheiriceá áit a bhfuil cúiseanna faoi fhógairt agus dáileadh ábhar pornagrafaíochta linbh curtha ina leith. 

Ta Marques faoi choinneáil ó gabhadh é i mí Lúnasa na bliana seo chaite. 

Chuala an chúirt eiseachadh i mí na Nollag nach raibh sé i gceist ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cás a thógaint in aghaidh Marques ar na líomhaintí atá curtha ina leith. 

Chuala an chúirt mionshonraí litreach ón gcúisí go raibh sé ar a intinn ag Marques pléadáil ciontach do na líomhaintí dá dtógfaí an cás ina aghaidh sa tír seo.

Dúirt an Breitheamh John Edwards inniu gur dhiúltaigh sé cead athchomhraice a thabhairt do Marques dúshlán a ghlacadh gan é a chur ar a thriail anseo.

Chuir sé siar an cás go dtí an 14ú Deireadh Fómhair le deis a thabhairt do chomhair dlí Marques cinneadh na cúirte a chíoradh agus d'fhonn dáta don éisteacht eiseachadadh a shocrú.

Baineann na líomhaintí le hos cionn 100 íomhá ar "shuíomhanna anaithnid" a dúradh a bhí an-bhrúidiúil agus a thaispeáin radharcanna de pháistí réamh-chaithreacha á gcéasadh agus á n-éigniú.