Lá mór a bhí ann i gCathair agus i gContae na Gaillimhe inniu agus roinnt daoine ann ag ceiliúradh laethanta breithe ana speisialta. Tá triúr sa chontae céanna ag ceiliúradh mar go bhfuil siad idir 102 agus 106 bliain d'aois inniu.
Bhí an-ceiliúradh go deo ar an mbothar Ard i gCathair na dTreabh agus muintir agus comharsana Alphonsus Corless tagtha le chéile chun a lá breithe mór a cheiliúradh.
103 bliain d'aois atá Alphonsus inniu.
Ba as Cinn mhara, i gContae na Gaillimhe ó dhuchas d'Alphonsus agus chaith sé go leor dá shaol i gCeatharlach áit a raibh Cógaslann aige.
75 bliain ó shin a phos sé Beatty agus sé a thug aire di sna blianta deiridh dá saol.
D’fhill Alphonsus ar a chontae dúchais os cionn 30 bliain ó shin agus ba léir go bhfuil an-chion ag a chomharsana air.
In Uachtar Ard Ard na Gaillimhe bhí Phyl Furness ag ceiliúradh a breithlá speisialta freisin inniu, 106 bliain d’aois atá an bhean ildánach seo ó Dorset sa Bhreatain. Tháinig sí agus a fear céile go hÉireann i 1982. Tá go leor scéalta aici faoi eachtraí móra staire a tharla go háirithe agus í ina cailín óg.
Bhí sé ina cheiliúradh freisin i rith an lae i dteach altranais Little Flower in Ard Raithín i gCo, na Gaillimhe.
Tá sé 102 bliain ó rugadh Mary O' Leary as An Tobar atá suite ar theorann na Gaillimhe agus an Chláir.