skip to main content

Ciall cheannaithe: Comhairle do dhaltaí ardteiste

Rónán sitting in the Dáil.
Rónán Ó hÍcí - Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Tá Rónán Ó hÍcí mar Oifigeach na Gaeilge ar Choiste Gnó na nDaltaí d'Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann (ISSU). D’fhreastail sé ar Ghaelcholáiste na Mara agus rinne sé a Ardteistiméireacht anuraidh, mar sin tá an taithí go léir úr ina chuimhne fós.

Tá Dlí le Gaeilge idir lámha aige anois i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Seo hiad cúpla moladh atá ag Rónán daoibhse atá ag seasamh sa mbearna bhaoil i mbliana.

Cleachtadh a dhéanann máistreacht

An rud ba mhó a chabhraigh liomsa ná dul i ngleic leis na hiarpháipéir scrúdaithe. Cabhraíonn sé seo go mór leat do shúil a thraenáil ar an gcaoi a gcuirtear na ceisteanna agus na treochtaí a aithint. Níl aon mhaitheas an t-eolas go léir a bheith agat de ghlanmheabhair mura bhfuil tú in ann é a chur in iúl ar an mbealach cruinn, gonta a bhfuil an scrúdaitheoir á lorg.

Ní fhanann trá le fear mall

Tá sé ríthábhachtach a chinntiú go n-éiríonn leat chuile chuid den scrúdú a chríochnú, mar ní fhanann trá le fear mall agus imíonn an t-am sa seomra scrúdaithe go sciobtha. Chun é seo a bhainistiú, déan cleachtadh ar na hiarcheisteanna a fhreagairt faoi bhrú ama sa mbaile. Agus tú i mbun na scrúduithe, tóg cúpla nóiméad ag an tús chun plean ama a leagan amach do chuile cheist. Bhíodh m’uaireadóir féin ar an deasc agam i gcónaí. Shábháil sé sin mé ó bheith ag stánadh go neirbhíseach ar an gclog mór ar an mballa!

Student Rónán Ó hÍcí poses holding his Leaving Cert Results standing beside teacher Eibhlín Uí Chonchubhair.

Níl aon mhaith sa seanchas nuair atá an anachain déanta

Nuair atá an peann curtha síos agat agus an páipéar curtha isteach, tá an focal deireanach ráite. Ní dhéanfaidh sé aon mhaitheas duit do chuid freagraí a chur i gcomparáid le freagraí do chairde taobh amuigh de gheataí na scoile. Cuireann sé sin imní gan ghá ort faoi rud nach féidir leat a athrú. Fág slán an scrúdú sin agus dírigh d’aird agus do fhuinneamh ar an gcéad dúshlán eile amach romhat.

Is tréimhse dhian, strusmhar í an Ardteist, gan dabht. Ach geallaimse daoibh go bhfuil samhradh den gcéad scoth, lán le saoirse, os bhur gcomhair. Tá tránna órga Albufeira agus soilse geala Zante ag glaoch oraibh cheana fhéinig; bíodh na pasanna réidh agaibh! Mar sin, seo céim dheiridh an turais, agus beidh chuile nóiméad de spraoi an tsamhraidh tuillte go rí-mhaith agaibh! Guím gach rath agus beannacht oraibh go léir.