Is dalta séú bliana é Rónán Ó hÍcí i nGaelcholáiste na Mara, i gContae Chill Mhantáin, a thug faoin Ardteist i mbliana. Is é Rónán Oifigeach na Gaeilge ar choiste gnó na ndaltaí d'Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann (ISSU). Scríobhann sé faoina thaithí agus na hófrálacha atá amach inniu.
Obair mhór a bhain an fómhar,' a deir an seanfhocal. Agus, muid ag druidim i dtreo an fhómhair, is cinnte gurb é sin an cás domsa.
Is caibidil nua í seo domsa. Beidh mé ag fágáil mo ghaelcholáiste beag san Inbhear Mór chun aghaidh a thabhairt ar an ollscoil is mó in Éirinn. Ó bhaile go Bré, ó sheomraí aitheanta go hallaí nua, agus ó dhaoine atá aithne agam orthu go cairde nua atá le teacht.
Tar éis cúpla lá ag ceiliúradh - agus cúpla ceann phianmhar an lá dar gcionn - tá na hófrálacha buailte linn. Agus mé ag tiomáint chun na hoibre inniu, tháinig ríomhphost isteach le rá go raibh mo chéad rogha bainte amach agam: Dlí le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tús maith leath na hoibre agus is cinnte gur tús maith é sin domsa don gcéad chaibidil eile seo.
Thar timpeall na tíre, bhí meascán mothúcháin le brath. Leis an líon is mó riamh d’iarrthóirí, eisíodh 86,098 tairiscint ag an CAO i mbabhta a haon. Fuair 27,897 mac léinn a gcéad rogha ar chlár leibhéal 8 — agus 28,554 eile a gcéad rogha ar leibhéal 7/6. Cé go bhfuil áthas, faoiseamh agus sceitimíní ar go leor, tá díomá ar dhaoine eile nach bhfuair an cúrsa a rabhadar ag súil leis fós.
Mura bhfuil tú sásta nó má tá tacaíocht ar bith uait, cuimhnigh nach bhfuil tú leat fhéinig. Is fiú glaoch a chur ar Líne Chabhrach na hArdteistiméireachta ar 1800 265 165 — seirbhís saor in aisce agus rúnda atá á reachtáil ag treoirchomhairleoirí oilte. Beidh an tseirbhís seo ar fáil go dtí Dé Sathairn, an 30ú Lúnasa.
Tá deireadh beagnach tagtha leis an samhradh agus táim ar aghaidh faoi lánluas go UCD ansin. Ach ar dtús, tá deireadh seachtaine gnóthach romham le Picnic Leitreach agus ansin damhsa na ndeibeanna mo charad.
Más mian leat mo chuid oibre agus mo chomh-oifigigh ar choiste gnó an aontais a leanúint, is féidir é sin a dhéanamh ar na meáin shóisialta @issu4u nó trí chuairt a thabhairt ar www.issu.ie.