skip to main content

Scanradh agus Sceitimíní: Torthaí Ardteiste

Rónán Ó hÍcí ó Ghaelcholáiste na Mara leis a Leas-Phríomhoide Eibhlín Uí Chonchubhair.
Rónán Ó hÍcí ó Ghaelcholáiste na Mara leis a Leas-Phríomhoide Eibhlín Uí Chonchubhair.

Is dalta séú bliana é Rónán Ó hÍcí i nGaelcholáiste na Mara, i gContae Chill Mhantáin, a thug faoin Ardteist i mbliana. Scríobhann sé faoina thaithí ag fáil a chuid torthaí Ardteiste.

Cothaíonn feitheamh fonn," a deir an seanfhocal. Ach i gcás na hArdteistiméireachta, is cinnte gur chothaigh an feitheamh meascán mothúcháin dúinn go léir – ó scanradh go sceitimíní, ó imní go dóchas. Bhíomar ag fanacht leis an lá seo le fada, agus ní bheag an strus a chruthaigh an mhoill fhada seo maidir le lóistín, achomhairc, agus todhchaí an choláiste do chuile dhalta timpeall na tíre. Ach anois, faoi dheireadh, tá sé tagtha. Ní hamháin go bhfuil deireadh leis an bhfoighne, ach tá tús curtha leis an gceiliúradh.

Bhíos fhéinig thar a bheith sásta le mo thorthaí agus is foinse fhaoisimh é domsa go bhfuil luach mo chuid oibre faighte agam, tar éis mo shaol a chaitheamh sa leabharlann ó Mhí na Nollag go dtí an Ardteistiméireacht. Tá sé ar intinn agam staidéar a dhéanamh ar an Dlí le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus táim dóchasach go bhfuil dóthain oibre déanta agam chun an sprioc sin a bhaint amach.

D'oscail mé mo thorthaí sa mbaile agus chuaigh mé isteach chun mo mhúinteoirí iontacha a fheiscint ansin. Ba léir gur oscail tromlach na ndaltaí a dtorthaí sa mbaile, ach bhí chuile dhuine ag an scoil sásta lena gcuid torthaí. Bhí atmaisféar ceiliúrtha ann, le gáire, faoiseamh agus tuiscint ar iarracht mhór na mblianta a bheith tagtha chun críche.

Barrscéalta
torthaí Ardteiste

Ag an am céanna, bhí sé soiléir go raibh díbhoilsciú na ngrád i bhfeidhm i mbliana – agus cé go raibh sé dúshlánach do roinnt daltaí marcanna beagáinín níos ísle a fheiscint ná mar a bhíodar ag súil leis, is léir gur chéim chun cinn dhearfach é seo. Tá muintir ADIÉ sásta leis seo mar chéim chothrom, riachtanach agus dhearfach chun dul ar aghaidh.

Is iontach an rud anois slán a rá leis an tréimhse sin de mo shaol agus an chéad chéim eile a thógáil. Ach ní féidir neamhaird a dhéanamh ar an gcaoi go gcruthaíonn an curaclam reatha caidreamh diúltach idir an Ghaeilge agus daltaí na hArdteiste. Ní chóir go mbeadh daltaí ag rá: "I can’t wait to never speak Irish again after the Leaving Cert." In áit ár dteanga dhúchais a fhágáil taobh thiar dúinn leis an Ardteist, tá sé in am athraithe – in am caidreamh úrnua a chothú leis an teanga, níos sóisialta agus níos dearfaí.

Bealach amháin chun tús a chur leis sin ná tacaíocht a thabhairt don agóid CEARTA ar an 20ú Meán Fómhair i mBÁC, atá ag díriú ar chúrsaí tithíochta, maoinithe, cearta teanga agus, an rud ba mhó domsa fhéinig thar aon rud eile agus mé mar Oifigeach na Gaeilge le hADIÉ, an t-oideachas é fhéing.

Táim ag súil leis an tréimhse amach romham!

Beir Bua,
Rónán Ó hÍcí
Oifigeach na Gaeilge (Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann)