Fáinleoga
Bhí ceacht deiridh Mhúinteora Clíona ar fad faoi a bheith ag ceiliúradh na dea-scéalta a gcloiseann muid seachas a bheith an-chorraithe de bharr na ndrochscéalta.
Chun ceiliúradh a dhéanamh ar na dea-scéalta, rinne sí Fáinleog Dea-Scéala a bhí déanta as dea-scéalta nuachta amháin. Seo an chaoi a ndearna sí é:
Ag teastáil uait
Nuachtáin, cárta, gliú agus téip, péint nó marcóirí, siosúr
Modh
- Gliúáil do chuid dea-scéalta nuachta ar dhá phíosa cárta.
- Tarraing cruth na fáinleoige ar an nuachtán agus gearr amach é. (Tá roinnt teimpléid ag bun na bileoige oibre)
- Rianaigh timpeall ar chruth na fáinleoige agus gearr amach an dara fáinleog.
- Gliúáil an dá phíosa cárta le chéile leis an nuachtán ar an taobh amuigh.
- Dathaigh an fháinleog.
Scaip na Dea-Scéalta
Déan iarracht díriú ar na rudaí maithe atá ag tarlú i do shaol nó i saol na ndaoine atá timpeall ort trí rud éigin ar nós tuairisc nuachta a scríobh nó a thaifead faoi na rudaí sin. Is féidir leat tuairisc a dhéanamh faoi aon ócáid áthais, m.sh cóisir lá breithe, baint amach céime nó páiste ag tógáil a gcéad coiscéimeanna.
Cuir na rannpháirtithe faoi agallamh (sibh achar sábháilte óna chéile). Seol é chuig do chuid dlúthchairde nó do chlann chun na dea-scéalta a chur in iúl dóibh.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Answers: 1) Dove 2) Owl 3) Woodpecker 4) Parrot 5) Peacock 6) Swan 7) Pelican 8) Flamingo 9) Crane 10) Toucan 11) Nightingale