skip to main content

Rang 1 & Rang 2: Stair – Taisceadán Todhchaí

   

Taisceadán Todhchaí

   

Do cheacht deireanach Múinteoir Ray rinne sé Taisceadán Todhchaí. 

Is coimeadán atá sa taisceadán todhchaí a choinníonn nithe éagsúla, cosúil le grianghraif, nuachtáin, litreacha, agus aon rud eile a léiríonn an cineál saoil atá againn i láthair na huaire do dhaoine sa todhchaí. Go hiondúil cuirtear i bhfolach é ionas gur féidir leatsa nó duine éigin eile é a aimsiú ins na blianta amach romhainn. 

D'fhéadfá é a chur i bhfolach ar feadh bliana, cúig bliana, deich mbliana, níl aon teorainn ama! Úsáid bosca bróige le do nithe a chur isteach ann nó úsáid rud éigin síonfhriotaíoch má tá tú á chur i bhfolach taobh amuigh. 

Cad iad na rudaí a chuirfidh tú sa taisceadán todhchaí?  Seo roinnt smaointe – 

*Is smaoineamh maith atá ann nótaí a fhágail leis na nithe éagsúla, mar sin nuair a osclaíonn duine éigin an capsúl (fiú más tú féin atá ann) tá a fhios acu céard atá i gceist agus cén fáth gur cuireadh isteach é. 

  • Grianghraif
  • Nuachtáin
  • Ailt ar líne 
  • Cumhdaigh ó na sneaiceanna is deise leat
  • Leabhar, cóipleabhar, scéalta, nó aistí.
  • Ball éadaigh atá i bhfaisean anois.  
  • Saothar ealaíne
  • Cuimhneacháin ó chóisirí lá breithe nó ócáidí speisialta a bhí agat le linn na tréimhse. 
  • Crann Ginealaigh
  • Sean fón póca
  • Biachlár ó bhialann ghasta
  • Leathanach fút féin - breac síos d'aois, d’airde, do mheáchan, do dhath gruaige, do dhath súile, agus na rudaí is fearr is fearr leat.
  • Rinne bean deas darb ainm di Natalie Long ó Long creations i gCeanada réimse leathan bileoga oibre áille inphriontáilte gur féidir leat a phriontáil saor in aisce agus is féidir leat iad a chur sa taisceadán todhchaí.  Téigh chuig https://letsembark.ca/time-capsule le súil a chaitheamh orthu. 
  • Litir chugat féin.  (Féach ar an gcéad leathanach eile)

Céard iad na rudaí atá gach duine ag úsáid atá eisceachtúil don am atá caite againn faoin dianghlasáil a d'fhéadfadh a bheith ina ábhar spéise amach anseo? 

  • Miotóg/masc aghaidhe 
  • Sean-bhuidéal díghalraithe 
  • Bileog eolais Covid 19 a d'fhoilsigh an Rialtas
  • Bileog Oibre Home School Hub

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.