skip to main content

Rang 1 & Rang 2: Ceol

   

Réamhaclaíocht Craiceáilte

Tá guth uathúil ag gach duine againn.  Níl guth ar bith eile ar domhan atá díreach cosúil le do cheann féin.  Bain triail as na cleachtaí gutha seo le do ghuth speisialta féin a théamh suas!

Ag Déanamh Aithrise

Féach an féidir leat na guthanna seo a dhéanamh.  Tá guthanna éagsúla againn ar fad mar sin is fút féin atá sé d'fhuaim féin a chruthú.

  • Guth róbait
  • Guth scanrúil
  • Guth scaoilte
  • Guth trumpa
  • Dordghuth
  • Guth do charachtar cartúin is fearr leat

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn. 

Am Scéalaíochta!

Léigh an scéal seo agus déan an fhuaim is feiliúnaí a oireann dár leat, nuair a fheiceann tú fuaim scríofa sa dath DUBH.

Seo scéal faoi bheirt pháistí darb ainm dóibh Éabha agus Adam.  Bhí cónaí orthu lena dtuismitheoirí i dteachín beag i nDaingean Uí Chúis i gCo. Chiarraí.  Bhí an teach tógtha ar ard agus bhí sé gaofar i gcónaí ann [FUAIMEANNA NA GAOITHE].  Bhi go leor ba sa pháirc ghlas álainn le taobh an tí.  Rinne siad go leor gleo gach maidin [FUAIMEANNA NA mBÓ].  Tráthnóna amháin roimh am codlata, shocraigh Éabha agus Adam dul ag eachtraíocht.  Agus iad ag siúl ar an mbóthar, chuala siad na héin ag ceol [FUAIMEANNA NA nÉAN]

Chuala siad feirmeoir ag tabhairt amach do na muca mar go ndeachaigh na muca isteach ina theach agus bhí praiseach déanta acu [FUAIMEANNA AN FHEIRMEORA AGUS NA MUCA].  Thosaigh Éabha agus Adam ag gáire [FUAIMEANNA GÁIRE].  Shroich siad an choill agus bhí Adam imníoch mar bhí sé ag éirí dorcha agus ní raibh siad ceaptha a bheith amuigh rómhall gan a dtuismitheoirí. 

Dúirt Éabha le hAdam a bheith cróga agus chuaigh siad isteach.  Go tobann, tháinig ulchabhán mór anuas de ruathar ag eililt os a gcionn [FUAIMEANNA NA N-ULCHABHÁN].  Scread na páistí le heagla [SCREADA ARDA] agus rith siad amach as an gcoill.  Rinne a gcosa a lán torainn agus iad ag rith.  Bhí sé lábach agus bhí a gcosa ag glugarnach [FUAIMEANNA NA gCOS AG GLUGARNACH]

Shocraigh siad go raibh a ndóthain den eachtraíocht acu don oíche agus chuaigh siad abhaile chuig na leapacha te teolaí, sábháilte [FUAIMEANNA SRANNFAÍ ARDA]

Ag Rapáil Leat

Bealach eile gur féidir do ghuth a úsáid ná trí na focail a rá in am leis an mbuille.  Go hiondúil is abairtí a dhéanann rím le chéile atá ann.  Tugtar rapáil ar seo.  Seo rap a rinne muid go speisialta duit!  Déan iarracht é a fhoghlaim agus é a dhéanamh os comhair do chlann sa bhaile?

Home School Hub is the place to be
Learning at home with my family
Clíona, John and Ray are cool
Teaching me the subjects that I do in school!

When I’m feeling sad or low
I turn on the telly and I watch this show
When school returns and I see my friends
We’ll talk about the Hub, and the fun that never ends.

Más mian leat físeán a sheoladh isteach díot ag rapáil nó ag canadh nó ag déanamh aithrise ar ghuthanna, ba bhreá linn iad a fheiceáil agus a chloisteáil!

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.