Tráth na gCeist Bradán
1) Iasc anadromach atá sa bhradán, a chiallaíonn go …
a) Maireann siad in uisce sáile amháin
b) Maireann said in úruisce amháin
c) Maireann siad in uisce sáile agus úrúisce araon.
2) An t-ainm atá ar na héisc i gCéim 2 de shaolré an bhradáin ná…
a) Gearóidín
b) Gilidín
c) Pádraicín
3) Cén t-ainm atá ar an mbloba oráiste atá ceangailte leis an iasc nuabheirthe?
a) Sac an bhuíocáin
b) A ngoile
c) A n-inchinn
4) Céim 3: Cé mhéad eití atá ag gealóg?
a) 2
b) 4
c) 8
5) Céim 4: Cén cineál duaithníocht atá ag an muóg chun é a cheilt ó chreachadóirí
a) Stríoca agus spotaí
b) Croiméal
c) Iontaíonn said glas
6) Céim 5 de shaolré an bhradáin, céard a thugtar orthu?
a) Braillín
b) Brainlín
c) Bréidín
7) Céim 6: Cén áit a dtéann na héisc don sceith bhradán
a) An abhainn inar rugadh iad
b) Go dtí an trá
c) I bhfad amach san fharraige
Seo pictiúr Mhúinteora Clíona de shaolré an bhradáin. Bain triail as é a tharraingt tú fé
Seo físeán beochana suimiúil ar shaolré an bhradáin
Treoraigh an t-Iasc chuig a Theach Feamainne
Jócanna Éisc
What do you call a salmon wearing a suit and tie? Sofishticated.
What happened the fish who ate raw chicken? He got salmon-illa
Why are fish no good at basketball? Because they are scared of the net
What do fish need to stay healthy? Vitamin Sea
What do call a fish with no eyes? Fsh
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Freagraí:
1) c) Maireann siad in uisce sáile agus úruisce araon, 2) b) Gilidín, 3) A) Sac an bhuíocáin, 4) C) 8, 5) A) Stríoca agus spotaí, 6) B) Brainlín, 7) A) An abhainn inar rugadh iad.