Bua Na Rithime
Inniu, thaispeáin Múinteoir Clíona dúinn gur féidir leat a bheith thar a bheith cruthaitheach agus tú ag meascadh spórt, ceol agus ealaín! Caithfidh muid súil ar an rithim atá in amhrán George Harrison: Got My Mind Set on You. Tá am a 4/4 san amhrán, a chiallaíonn go bhfuil 4 bhuille ag an am, mar sin tá tú ag bualadh bos 1, 2, 3, 4.
1. Can an t-amhrán ar dtús. Má tá meabhrú ag teastáil uait, féach ar cheacht an Múinteoir Clíona arís, nó is féidir an t-amhrán a fheiceáil anseo:
Songwriter: Rudy Clark
Producer: Hutch Davie
2. Ansin, déan bualadh bos 1, 2, 3, 4 ag úsáid buillí rialta, seasta. Déan bualadh bos níos crua ar an gcéad bhuille (buille 1) gach uair mar go go gcabhróidh sé leat bua na rithime a bheith agat. Más rud é go ndeireann tú focail in ionad uimhreacha, bheadh siad mar seo:
Láidir (1) – Lag (2) – Lag (3) – Lag (4)
Láidir (1) – Lag (2) – Lag (3) – Lag (4)
3. Nuair atá tú compordach ag déanamh bualadh bos 1, 2, 3, 4 agus tú ábalta é a dhéanamh go seasta, caith súil ar seo. Tagann na buillí leis na nótaí agus na focail:
Mar sin, mar a fheiceann muid thuas, nuair a chanann George Harrison an focal SET, sin an uair a thosaíonn tú an buille/bualadh bos 1, 2, 3, 4. Tá 2 bhuille ag an bhfocal SET, mar sin déanann tú dhá bhualadh bos, agus an rud céanna leis an bhfocal ON. Féach an féidir leat bualadh bos seasta 1, 2, 3, 4 a dhéanamh a fhad agus atá tú ag canadh an t-amhrán!
An-Spórt Go Deo!
Faigh sean liathróid leadóige/cispheil/liathróid peile, cuir cuid de na hamhráin is fearr leat ar siúl agus preab an liathróid le rithim an cheoil. Déan an liathróid a phreabadh chomh crua agus is féidir leat faoin talamh (gan aon rud a bhriseadh!) agus le amhráin eile is féidir leat a bheith ar do shuaimhneas agus tú ag dul le sruth an cheoil.
Agus anois bímis cruthaitheach. Tá sé níos fearr é seo a dhéanamh taobh amuigh mar is féidir leis a bheith míshlachtmhar!
- Roghnaigh amhrán áirithe le rithim láidir (ceann gur féidir leat do bhosa a bhualadh leis mar a thaispeáin muid duit sa roinn deireannach).
- Pioc roinnt dathanna péinte a oireann an t-amhrán.
- Cuir bileog mór pháipéir ar an urlár, agus rud éigin le leagann taobh thiar den bhileog má tá sé agat (oibríonn sean-bhraillín go maith).
- Clúdaigh liathróid bheag i bpéint. Is féidir leat liathróid níos mó a úsáid do phreabadh an cheoil agus athraigh na méideanna ag braith ar na rithimí a roghnaíonn tú! Mar sin, má tá tú ag úsáid amhrán George Harrison mar shampla, úsáideann tú liathróid níos mó do bhuille a 1 agus liathróid níos lú do bhuillí a 2, 3, 4.
- Preab an liathróid le rithim an cheoil agus féach ar na pátrúin a chruthaíonn tú.
- Tá píosa ealaíne cruthaithe agat ag úsáid rithim! Thar a bheith cúláilte.
Lúbra Ceoil
Anois an féidir leat an cosán ceart a aimsiú go dtí an bosca leabhar ceoil, an cás veidhlín agus an bosca liathróide.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.