skip to main content

Rang 1 & Rang 2: SPHE - "Níl" a rá

   

"Níl" a rá 

 Is féidir leis a bheith i bhfad níos deacra "níl" a rá le duine éigin seachas "tá". Phlé an Múinteoir Ray na bealaí gur féidir leat rud a dhiúltú go múinte gan goilledh ar dhuine.  

Tá sé tábhachtach go mbeadh an mhuinín agat "níl" a rá má iarrtar ort rud éigin a dhéanamh nach bhfuil tú ag iarraidh tabhairt faoi. 

Breathnóidh muid ar roinnt cásanna go bhféadfá a bheith páirteach ann. Scríobh síos conas  a dhiúltódh tú go múinte don duine eile gan éirí crosta ná trodach. Déan do fhreagraí a phlé le duine fásta.  

 1) Tá tú ag siúl ar scoil le do chara. Molann do chara nár chóir daoibh dul ar scoil inniu ach gur chóir daoibh dul chuig an pháirc le bheith ag spraoi go dtí go gcríochnaíonn an scoil. Céard a déarfá leis / léí?

___________________________________________________________________________

___________________________________________________________________________

___________________________________________________________________________

Dá leanfadh an cara ag fiafraí agus ansin dá ndéarfadh sé gur sicín nó babaí mór a bhí ionat toisc nach raibh tú sásta dul leo, céard a déarfá?

___________________________________________________________________________

 ___________________________________________________________________________

 2) Tá tú i ndiaidh a bheith ar shiúlóid fhada le do chlann agus tá tú traochta. Tagann do chara chuig do theach ag iarraidh ort dul amach ag spraoi leo. Níl tú ag iarraidh dul amach. Céard a déarfá?

___________________________________________________________________________

___________________________________________________________________________

___________________________________________________________________________

Dá mbeadh do chara ag impí ort teacht amach, céard a déarfá?

___________________________________________________________________________

___________________________________________________________________________

 3) Tá tú ag siopadóireacht le beirt cairde.  Beartaíonn siad an hata céanna a cheannach. Ní maith leatsa an hata, ach coinníonn tú é sin agat féin. Deireann siad leat gur chóir duit an hata a cheannach ionas go mbeidh sibh uilig mar a chéile. Conas a deireann tú leo nach bhfuil tú ag iarraidh an hata a cheannach? 

___________________________________________________________________________

___________________________________________________________________________

__________________________________________________________________________

4) Tá tú i ndiaidh foireann marcóirí nua a fháil ó d'aintín le gairid agus tugann tú isteach ar scoil iad. Iarrann do chara Johnathan ort cead iad a úsáid.  Níl tú réidh le do chuid marcóirí a roinnt, tá siad úrnua, agus níor úsáid tú féin go fóill iad. Scríobh litir chuig Johnathan a dhiúltaíonn dó.  Mínigh cén fáth. Bí aireach faoi na mothúcháin a bhéas ag Johnathan agus é ag léamh do chuid focail.  

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.