Oirthear na hEorpa
An tseachtain seo caite d'fhoghlaim muid faoi Iarthar na hEorpa agus inniu chuala muid faoin taobh eile den ilchríoch ón Múinteoir John, sin iad tíortha Oirthear na hEorpa.
An féidir leat cuimhniú ar na tíortha ar fad? Déan iarracht 10 gcinn a fháil! Líon isteach na tíortha atá uimhrithe ar an mapa.
Tráth na gCeist Oirthear na hEorpa
- Ainmnigh príomchathair Phoblacht na Seice a thosaíonn leis an litir P?_______________________________________________
- i) I gcén tír in Oirthear na hEorpa atá cathair Krakow?
________________________________________________
ii) Tá cáil ar Mianach Wieliczka i Krakow, cén saghas miandóireacht a dhéantar ann?
________________________________________________

- Is í Moscó príomhchathair na Rúise. Cén t-ainm atá ar chearnóg cáiliúil na cathrach?
a) An Chearnóg Dhearg
b) An Chearnóg Gorm
c) An Chearnóg Oráiste
- i) Ainmnigh príomhchathair na hUngáire a thosaíonn leis an litir B?
ii) An t-ainm iomlán ar an áit a mheallann na sluaite turasóirí sa chathair…
The Szechenyi Medicinal _________________.
Abair Dia Duit le Oirthear na hEorpa
Déan cleachtadh ar "heileo" a rá i roinnt de theangacha Oirthear na hEorpa.
Polainnis
Cześć - Haigh nó slán i bPolainnis a fuaimnítear mar che-sh-ch
Ungáiris
Szia - Haigh nó slán in Ungáiris a fuaimnítear mar See-ya
Lithuanian
Labas - Haigh i Liotuáinis a fuaimnítear mar laa-bis
Romanian
Bună - Haigh i Rómáinis a fuaimnítear mar boo-na

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Freagraí: Mapa Oirthear na hEorpa – 1) Russia 2)Ukraine 3)Romania 4)Bulgaria 5)Greece 6) Albania 7 Serbia 8) Hungary 9) Czech Republic 10) Poland
Tráth na gCeist - 1) Prág 2) i) an Pholainn ii) salann 3) a) An Chearnóg Dhearg 4) i) Búdaipeist ii) Bath