Gas na bPlandaí
Céard atá foghlamtha agat faoi phlandaí? Seo tráth na gceist tapa go bhfeicfidh muid céard atá ar eolas agat.
1) An féidir leat na codanna den phlanda a ainmniú?
a)___________________________
b)__________________________
c)____________________________
d) ____________________________
2) Ainmnigh 2 rud a theastaíonn ó phlanda le bheith in ann fás.
i)___________________________
ii)___________________________
3) Ionsúnn fréamhacha an phlanda cén ceann de na rudaí seo?
Sunlight b) water and nutrients c) heat
4) An féidir leat dhá fheidhm atá ag an ngas a ainmniú?
i)____________________________
ii)____________________________
Turgnamh Soilire Snasta
Tá a fhios againn go dteastaíonn uisce ó phlandaí le bheith in ann fás agus go n-iompraíonn siad an t-uisce chuig na duilleoga agus bláthanna tríd an ngas. Tá an próiséas sin le feiceáil ins an turgnamh seo.
Ag teastáil uait: soilire leis na duilleoga fós air, dathúchán bia (dathanna dorcha ar nós dearg is fearr), gloine / crúiscín / vása.
Modh:
- Scar cosa na soilire óna chéile agus roghnaigh na cinn le go leor duilleoga. Beidh an t-athrú is mó ó thaobh dath le feiceáil ar na cinn geala sa lár.
- Gearr slis bheag ó bhun an ghais
- Líon do ghloine le huisce.
- Cuir 3 nó 4 braonta den dathúchán bia isteach agus déan é a mheascadh.
- Cuir cosa na soilire isteach san uisce.
- Fág na cosa ar feadh cúpla uair an chloig agus déan nóta d'aon athrú a fheiceann tú. Fág iad thar oíche agus seiceáil arís iad, agus ansin déan iad a sheiceáil don 3ú huair tar éis dhá oíche.
- Céard a tharla agus cén fáth?
- Gearr slis ó bhun an soilire agus feicfidh tú go bhfuil an t-uisce daite ionsúite isteach sa ghas.
Is féidir leat an turgnamh seo a dhéanamh le bláthanna freisin. Seo roinnt nóiníní a cuireadh isteach in uisce daite.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Sneaiceanna Soilire Brioscánacha
An maith leat a bheith ag mungailt ar chraobh shoilire, bhuel seo cúpla bealach le sneaic níos suimiúla a dhéanamh as atá fós sláintiúil.
Seangáin ar Lomán
Comhábhair
- Soilire
- Im Piseanna Talún
- Rísíní
Modh:
Tá sé thar a bheith simplí - níl le déanamh ach im piseanna talún a scaradh ar chraobh shoilire (an lomán) agus cuir rísíní (na seangáin) ar a bharr. Neam Neam!
Humas
Is sneaic blasta agus sláintiúil atá sa humas gur féidir a ithe le rudaí eile – tum cosa cairéid, cúcamar agus SOILIRE isteach sa humas! Seo oideas simplí do humas gur chóir duit triail a bhaint as.
Comhábhair
- 1 canna sicphiseánaigh, silte agus nite.
- Sú as 1 liomóid
- 1 ionga gairleoige
- 100ml uisce
- 1 spúnóg bhoird d'ola olóige úríon
- 1 spúnóg bhoird tahini
- Salann agus piobar
Modh
- Cuir na sicphiseánaigh, leath den sú liomóide, tahini, gairleog, ola, salann agus piobar isteach I gcumascóir agus déan é a mheascadh (Faigh cabhair ó dhuine fásta agus tú ag úsáid cumascóir).
- Scríob an meascán ó na taobhanna agus cumasc arís é go dtí go bhfuil sé mín.
- Cuir isteach rúinne uisce nó sú liomóide má tá an meascán beagán tiubh.
- Blaisigh é. Cuir isteach níos mó salann agus piobar nó sú liomóide ag braith ar an mblas a thaitníonn leat.
Cuir chun boird leis an soilire agus na glasraí mionghearrtha eile. Bain sult as do humas!
Cuardach Focal

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Tráth na gCeist - Freagraí: 1) A -Bláth nó Peitil, B – Duilleog, C – Gas, D - Fréamhacha 2) Uisce, Aer, Solas, Teas, Cothaithigh / Bia, Cré, 3) b Uisce agus Cothaithigh 4) Tugann sé struchtúr don phlanda / cabhraíonn leis seasamh suas, stórálann uisce agus bia, iompraíonn uisce agus bia ar fud an phlanda.