skip to main content

Rang 1 & Rang 2: Tíreolaíocht

   

Fíricí Fónta: An Ghealach

  • Is féidir leat dromchla na gealaí a fheiceáil trí na gloiní nó le teileascóp beag. Tá dromchla na gealaí clúdaithe le cráitéir a tharla nuair a bhuail carraigeacha móra faoi na billiúin bliain ó shin.
  • Dá bhféadfá tiomáint ón Domhan go dtí an ghealach ag 100 ciliméadar san uair, thógfadh sé 3,674 uair ort nó 153 lá tiomána gan stad ar feadh 24 uair in aghaidh an lae chun é a bhaint amach. Sin turas bóthair thar a bheith fada!
  • Ba é Neil Armstrong an chéad duine a shiúil ar an ngealach.  Thuirling sé den spásárthach agus dúirt sé na focail iomráiteacha seo:  "That's one small step for man, one giant leap for mankind".
  • Níl aon aer, uisce ná beatha ar an ngealach.  Bíonn sé an-te i rith an lae agus an-fhuar i rith na hoíche.
  • Má tá tú ar an ngealach bíonn tú i bhfad níos éadroime, mar sin ba chóir duit dul ann más mian leat léim an-fhada a dhéanamh nó a bheith ar foluain.
  • Toisc nach bhfuil aon ghaoth ar an ngealach, fanfaidh na coiscéimeanna a rinne na spásairí ann go brách – sin ár ndóigh muna seasann duine éigin eile orthu!

Déan É: Cráitéir Craiceáilte

Tá dromchla na gealaí breactha le cráitéir a rinne astaróidigh (carraigeacha móra) ag eitilt tríd an spás agus ag bualadh i gcoinne na gealaí.  Rinne Múinteoir Ray turgnamh thar a bheith cúláilte a rinne athchruthú ar na himbhuailtí ar an ngealach. Seo an rud a rinne sé, bainigí triail as sa bhaile!

  1. Scaip thart ar orlach plúr isteach i stán cáca. 

  2. Cuir sraith gráinníní daite os a chionn (Ní gá duit an tsraith plúr uilig a chlúdach).

  3. Cuir sraith cócó air trí é a chroitheadh ar a bharr le spúnóg nó déan é a chriathraigh chun go mbeadh cumhdach níos fearr air. 

  4. Ionsamhlaigh carraig ag bualadh faoin ndromchla, trí greim a fháil ar an gcarraig go hard san aer agus ansin scaoil leis isteach sa stán. Tabhair faoi deara an  "pátrún eisteilgeáin" atá cruthaithe ag an tuairt. 

  5. Lig do charraigeacha ar mhéid éagsúla titim isteach sa stán ó uillinneacha agus airdí difriúla, agus féach ar na hathraithe atá ar na pátrún eisteilgeáin ó thuairt amháin go ceann eile.

Léiríonn sé seo an rud a tharlaíonn nuair a bhuaileann astaróidigh faoi dhromchla na gealaí. Thar a bheith cumhachtach!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn. 

Réadlann Chaisleán Na Carriage Duibhe 

An bhfuil a fhios agat go bhfuil áit an-spéisiúil gur féidir leat go leor a fhoghlaim faoin spás i gCo. Chorcaí ar a dtugtar Réadlann Chaisleán na Carraige Duibhe?  Tá lear mór rudaí cúláilte acu do pháistí.  Seo cuid de na gníomhaíochtaí ar líne a rinne siad chun Seachtain an Spáis a cheiliúradh.

Chruthaigh said Féilire na Gealaí freisin.  Taispeánann sé cén chuma atá ar an ngealach, gach oíche i rith an bliana.  Féach ar an gcuma gur chóir a bheith ar an ngealach anocht, agus déan iarracht é a fheiceáil sa spéir.

Image via Spaceweek.ie

Gáire Na Gealaí

Seo roinnt jócanna spáis le gáire a bhaint asat!

What do you call a tick on the moon?  A luna-tick.

How does the man in the moon cut his hair?  Eclipse it!

What's the first day of the week called in outer space?  Moonday.

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn. 

Freagra – Aimsigh na Difríochtaí