Déan É: Cré Bhaile
Thaispeáin Múinteoir Clíona bealach iontach dúinn le cré bhaile a dhéanamh inniu. Seo mar a dhéanann tú é!
Ag teastáil uait:
- 2 chupán plúr
- 1 cupán salainn
- 2 spúnóg bhoird ola phlandúil
- 3/4 go 1 cupán uisce
- Dathúchán bia (roghnach)
Conas é a dhéanamh:
1) I mbabhla mór, measc le chéile an plúr, salann agus ola phlandúil.
2) Cuir isteach uisce agus déan é a mheascadh go mbíonn raimhre deas sa chré.
3) Más mian leat dathanna éagsúla a bheith sa taos, roinn do chré ina chodanna agus cuir i mbabhla iad. Cuir cúpla braon den dathúchán bia le gach cuid agus measc go maith iad le spúnóg. Bí ullamh gur féidir leis an dathúchán bia smál a fhágáil ar do mhéara agus tú ag obair leis!
4) Tá sé in am dealbhóireachta!
5) Roll amach an taos mar a bheadh corna ann ar nós nathair agus tóg iad ar a chéile! Ansin, is féidir leat na cornaí a cheangail trí scian atá maol nó spúnóg a úsáid chun na cornaí a líomh isteach ina chéile!
6) Anois, úsáid an teicníc laiste. Úsáideann tú patrún ag dul trasna ar a chéile déanta le scian géar agus puití déanta as taos agus uisce, cosúil le gliú, chun dearaí a ghreamú ar an bpotaireacht!
7) Nuair atá do shaothar déanta is féidir leat é a chur san oigheann ag 120˚C go dtí go mbíonn sé crua ach gan a bheith dóite! Nuair atá sé fuaraithe, maisigh é in aon bhealach gur mian leat!
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Múnla na Séadchomharthaí
An féidir leat na sainchomharthaí móra le rá a ainmniú atá déanta as cré?
CLUICHE: SEARÁIDÍ CHRÉ
Cén fáth nach n-imríonn tú cluiche leis an teaghlach ar fad ag úsáid do chré a rinne tú?
Scríobh síos ainmneacha ainmhithe ar phíosaí páipéir, fill iad, agus cuir i mbabhla iad, ansin piocann gach imreoir ainmhí agus caithfidh siad múnla den ainmhí sin a dhéanamh taobh istigh de 60 soicind, fad agus ata gach duine ag tabhairt buille faoi thuairim faoin ainmhí atá i gceist?
Déanann an té a bhí ceart faoin múnla an chéad ainmhí eile.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
FREAGRAÍ LE MÚNLA NA SÉADCHOMHARTHAÍ
- SFIONCS
- TAJ MAHAL
- BIG BEN
- AN COLASAEM
- DEALBH NA SAOIRSE
- TÚR EIFFEL