skip to main content

Rang 1 & Rang 2: Eolaíocht – Paraisiúit & Ábhair

   

Cúltarraingt! 

 

 I gceacht eolaíochta an lae inniu leis an Múinteoir Ray d'fhoghlaim muid cén chaoi a n-oibríonn paraisiúit.  An gcuimhin leat?  Friotaíocht aeir is cúis leis ar fad agus tugtar cúltarraingt freisin air.  

Nuair a scaoileann tú le rud, titeann sé go talamh, agus tarlaíonn sé seo de bharr  go dtarraingíonn an Domhan gach rud síos chun na talún le fórsa ar a dtugtar domhantharraingt.  Cuireann cúltarraingt moill ar rudaí agus iad ag titim tríd an aer. Má scaoileann tú le cloch agus cleite titfidh an cloch go talamh ar dtús, ní mar gheall go bhfuil sé níos troime ach de bharr go mbeireann an cleite ar aer agus é ag titim. Cuireann cúltharraingt moill ar an gcleite ag titim. 

Is é an cúram atá ag paraisiút ná an oiread cúltharraingt agus is féidir a chothú trí greim a fháil ar an aer agus moill a chur ar thitim an duine nó an rud atá ceangailte leis an bparaisiút. 

Léim isteach agus déan Paraisiút 

 Ábhair:

  • Don pharaisiút - Roghnaigh rogha d'ábhair atá le fáil timpeall an tí chun 4 paraisiút a dhéanamh.  Mar shampla - málaí bruscair, málaí siopadóireachta, cumhdach bolgóideach, éadach j, naipcín / serviette, scragall stáin, páipéar nuachta. 
  • Lastas (céard a bhéas á iompar ag an bparaisiút) – Mar shampla - Pionnaí nó daoine lego.  Cuma céard a úsáidtear, bíodh an lastas díreach mar a chéile do gach paraisiút, ionas go mbeidh na taifeadtaí cruinn. 
  • Siosúr
  • Sreangán
  • Téip

Modh

  • Gearr amach cearnóga sna hábhair atá roghnaithe agat. Déan cinnte go bhfuil siad uilig ar cóimhéid.
  • Gearr ceithre phíosa sreangáin atá ar cóimhéid. 
  • Greamaigh an sreangán le gach cúinne trí poll a chur tríd an ábhar nó é a ghreamú leis. 
  • Ceangail an ceithre phíosa sreangáin le chéile
  • Greamaigh nó ceangail an lastas leis an sreangán.
  • Anois tá sé in am é a thástáil!
  • Scaoil leo ó airde ar leith,  ceann ag an am, agus comhair cé mhéad soicind a thógann sé air titim go talamh agus déan nóta faoin gcaoi go dtitean an paraisiút. Tá sé úsáideach an dara duine a bheith leat le cabhrú leis an dturgnamh ionas gur féidir le duine amháin scaoileadh leis agus gur féidir leis an duine eile an t-am a thomhas.  
  • Scaoil le gach paraisiút ón airde céanna.  
  • Déan nóta de na torthaí sa tábla ag bun na bileoige gníomhaíochta seo. Cuir ar an eolas muid faoin gcaoi gur éirigh leat. 

Seo paraisiúit an Mhúinteora Ray. D'úsáid sé scragall stáin, cumhdach bolgóideach, cadás agus éadach.

Anois agus tú ar an eolas faoin ábhar is fearr le paraisiút a dhéanamh is féídir leat anois féachaint ar an gcineál paraisiúit is fearr a oibríonn. Bí ag déanamh turgnaimh!

D'fhéadfá triail a bhaint as seo freisin...

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn. 

Turgnamh Paraisiút Uibhe  

 Agus tú ábalta paraisiút a dhéanamh gan stró, céard faoi tástáil a dhéanamh le lastas atá thar a bheith sobhriste  – ubh! 

Faigh rud éigin chun an ubh a choinneáil – mar shampla – cartán iógart, cupán páipéir nó cumhdach bolgóideach, agus ansin oibrigh amach conas a cheanglaíonn tú é leis na sreangáin.  Cuir isteach do ubh agus…scaoil leis! 

Go n-éirí libh a uibheacha! 

Nóta: Iarr ar dhuine fásta an bhfuil cead na huibheacha a úsáid don turgnamh. 

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn. 

Freagraí