Céard iad 'comhordanáidí'?

Is uimhreacha iad comhordanáidí a thaispeánann an suíomh cruinn atá ag rud éigin. Seans gur fhoghlaim tú faoi chomhordanáidí sa mhata cheana féin. Más ea, beidh eolas agat faoin x-ais agus an y-ais. 

Is é an x-ais an líne a théann trasna (nó cothrománach)

Is é an y-ais an líne a théann síos (nó ceartingearach)

Nuair a fhoghlaimeoidh tú faoi seo sa mhata, breathnóidh sé mar seo:

Nuair atá ceithre chomhordanáid againn, de ghnáth bíonn comhordanáid x agus y acu. Más rud é go bhfuil an luach 4 ag an gcomhordanáid x agus an luach 1 ag an gcomhordanáid y, bheadh sé scríofa mar seo: (4,1). 

Céard a thug tú faoi deara faoi seo? 

Bhuel, scríobhtar an chomhordanáid x i gcónaí ar dtús agus an chomhordanáid y ina dhiaidh. Maraon leis an aibítir, tagann x ar dtús agus y ina dhiaidh. 

Úsáidfimid comhordanáidí sa cheacht seo. Breathnóidh leagan amach an scáileán difriúil ar an micro:bit áfach, ná mar atá ar an léaráid thuas (nó mar a bhreathnaíonn sé sa rang mata), go háirithe an y-ais. Seo a leanas an bhealach go léirítear comhordanáidí ár micro:bit:

Sa léaráid seo den micro:bit, tá an cearnóg dearg ag an gcomhordanáid (1,2).

Ba chóir go mbeifeá in ann do chluiche féin a chruthú ag baint úsáide as na soilse LED agus na comhordanáidí atá ag na soilse seo. Breathnaigh ar an bhfiseán seo chun do chluiche a thosú. 

Obair den chéad scoth. I gcóir an dúshlán don bhaile, tá an fhoireann DreamSpace ag iarraidh go gcuirfidh tú leis an gcluiche gur thosaigh siad anseo trí níos mó blocanna cóid a chur leis. Go n-éirí libh!