An Córas Riospráide
Bhí ceacht eolaíochta an lae inniu leis an Múinteoir Clíona faoin gcóras riospráide. Is é an córas riospráide ná an grúpa fíochán agus orgáin a oibríonn le chéile chun gur féidir linn análú.
Tráth na gCeist
1) Ainmnigh an chuid den chóras riospráide atá marcáilte 1 agus 2 sa léaráid seo
- _____________________________________________________________________________
- _____________________________________________________________________________
2) Líon isteach na bearnaí leis an ngás ceart.
- Análaíonn muid isteach __________________________
- Análaíonn muid amach _________________________
3) Cén léaráid é ionanálú agus cén ceann é easanálú?
- __________________________________________________________________________
- __________________________________________________________________________
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Conas scamhóg shimplí a dhéanamh
Ag teastáil uait: buidéal plaisteach trédhearcach, dhá bhalún, siosúr, téip
Method:
- Bí an-cúramach ag gearradh an bun den bhuidéal. Faigh cabhair ó thuismitheoir don chuid seo, is féidir leis a bheith sách casta.
- Brúigh balún amháin isteach sa scroig buidéil agus fill béal an bhalúin thart ar bhéal an bhuidéal. Seo do scamhóg.
-
Faigh an dara balún agus gearr ón muineál.
-
Sín an balún thart ar an oscailt sa chuid ar bun den bhuidéal. Fáisc é le rúinne téip. Seo do scairt.
-
Le do mhúnla scamhóga a chur ag análú tosnaigh ag tarraingt síos go réidh ar an scairt sa lár. Céard a tharlaíonn don bhalún taobh istigh den bhuideál? Agus an scairt ag gluaiseacht síos ba chóir go líonfadh do scamhóga le haer. Seo a tharlaíonn nuair a n-ionanálaíonn muid.
- Anois scaoil leis an scairt agus brúigh suas isteach sa mbuideál é go réidh. Céard a tharlaíonn anois don bhalún? Imíonn an t-aer ó na scamhóga de réir mar a ghluaiseann an scairt suas. Seo a tharlaíonn nuair a n-easanálaíonn muid.
Más mian leat triail a bhaint as níos mó turgnaimh riospráide, seo ceann iontach ón Hoopla Kidz Lab le toilleadh na scamhóga a mheas
Féach cén duine sa teach a bhfuil an toilleadh na scamhóga is mó acu. Tá daoine ag a bhfuil toilleadh na scamhóga mór acu ábalta ocsaigín a scaipeadh níos tapúla timpeall a gcorp. Is féidir leat an toilleadh na scamhóga atá agat a mhéadú trí aclaiocht rialta a dhéanamh.
Fíricí Fónta Scamhóga
- Análaíonn an gnáth-dhuine os cionn 9,000 lítear aer gach lá.
- Is iad na scamhóga an t-aon orgán sa chorp atá abálta bheith ar barr uisce. Tá thart ar 300 milliún struchtúir balúnacha i ngach scamhóg ar a dtugtar na hailbheolais, a mhalartaíonn an dé-ocsaíd charbóin i do chuid fola le hocsaigín. Nuair atá na struchtúir seo líonta le haer, is iad na scamhóga an t-aon orgán sa cholainn daonna atá ábalta bheith ar barr uisce.
- Cén chosúlacht atá idir scamhóga agus cúirt leadóige? An méid atá acu! Is fíor sin. Dá n-ósclófaí na scamhóga amach ar dhromchla, bheadh siad chomh mór sin go gclúdódh siad an méid atá i gcúirt leadóige.
- Análaíonn muid amach cupán uisce gach lá.
- Níl an méid céanna sa dhá scamhóg. Tá an scamhóg chlé beagán níos lú, mar gheall go bhfuil spás ag teastáil ó do chroí atá ar thaobh na láimhe chlé freisin.
- Is é an churiarracht dhomhanda atá ag duine ag coinneáil a n-anáil istigh ná 24nóiméad agus 3 soicind. (ná déan é seo sa bhaile!)
- Análaíonn capaill tríd an srón amháin agus ní tríd a mbéal.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Freagraí: 1) 1=scamhóga 2 = scairt 2) i) Ocsaigín ii) Dé-ocsaíd Charbóin 3) 1=Ionanálaigh 2=Easanálaigh