Súile, Corp, Samhlaíocht
Dhírigh rang drámaíochta an lae inniu ar do chorp, súile agus samhlaíocht a úsáid.
Abair é le do Shúile
Ba chóir go mbeadh aisteoirí ábalta a gcuid mothúcháin a chur in iúl lena gcuid súile, ag insint scéalta le hamharc amháin.
An féidir leat a rá céard atá ar siúl ag na daoine seo nó conas atá siad ag mothú trí féachaint ar a gcuid súile?
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Téamh Suas Luascach Ray
Más féidir, faigh duine chun é seo a léamh duit agus tú á dhéanamh, ionas go bhfuil a fhios agat céard é an chéad rud eile atá le déanamh.
Luasc do mhéara at dtús.
Ansin do mhéara agus rostaí.
Ansin do mhéara, rostaí agus rítheacha.
Ansin do mhéara, rostaí, rítheacha agus uillinneacha.
Ansin do mhéara, rostaí, ritheacha, uillinneacha agus guaillí.
Ansin do mhéara, rostaí, rítheacha, uillinneacha, guaillí, agus creat na n-easnacha.
Ansin do mhéara, rostaí, rítheacha, uillinneacha, guaillí, creat na n-easnacha agus cromáin.
Ansin do mhéara, rostaí, rítheacha, uillinneacha, guaillí, creat na n-easnacha, cromáin agus glúine.
Ansin do mhéara, rostaí, rítheacha, uillinneacha, guaillí, creat na n-easnacha, cromáin, glúine agus ceann.
Bí ag luascadh go craiceáilte!!
Ag Siúl go Seafóideach
Féach an féidir leat do chorp a úsáid chun na bealaí éagsúla le siúl a dhéanamh do dhuine sa teaghlach
Siúl ar nós…
- Go bhfuil meáchain troma ceangailte le do bhróga
- Go bhfuair tú A i scrúdú
- Gur réalta scannán cáiliúil tú ar an gcairpéad dearg.
- Gur duine gnó thar a bheith gnóthach atá ionat.
- Go bhfuil an cosán déanta as gloine agus tá tú cosnocht.
- Go bhfuil guma coganta greamaithe ar fud bonn do bhróga.
- Go bhfuil tú ag dul thar ealta leon daoniteacha atá ina gcodladh.
- Go bhfuil tú 120 bliain d'aois
- Go bhfuil ort dul abhaile le do mhún a dhéanamh ach ní féidir leat rith.
Taca Liom
Tá mímeáil cleachtaithe agat ag úsáid do choirp, anois tá muid chun roinnt prapaí a chur leis. Ach an rud faoi na prapaí seo ná go bhfuil siad dofheicthe, agus caithfidh tú do shamhlaíocht agus scileanna mímeála a úsáid chun iad a fheiceáil agus a mhothú. Ná déan dearmad do shúile a úsáid chun a chur in iúl don lucht féachana conas a bhraitheann do charachtar.
- Ag seirbheáil liathróide leadóige
- Ag bualadh liathróide gailf
- Ag tógáil cic éirice
- Ag sciáil le fána
- Ag gearradh cáca agus á ithe
- Ag oscailt bronntanais
- Ag casadh húlahúp
- Ag lámhchleasaíocht le tine
- Ag cuir péint aghaidhe ort féin
- Ag scaoileadh le saighead agus bogha

Agus mar bhuille scoir, tá an chuid is fearr fághta go dtí an deireadh. Faigh do aerghiotár, agus bí ag bladhradh cúpla port eipiciúla agus seo linn ag racáil!
Cén Amp atá ceangailte leis an ngiotár?
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Freagraí: Tástáil Súl – 1) ag smaoineamh 2) tuirseach 3) ionadh 4) feargach 5) brónach 6) sásta.
An giotár ceangailte le Amp 3