Spórt Le Bratacha

D'Inis Múinteoir Clíona dúinn faoi na ceangail Éireannacha atá againn le go leor tíortha éagsúla, ach an féidir leat an brat a mheaitseáil leis an tír?

Nóta Buíochais

Samhlaigh go bhfuil tú i do chónaí in Éirinn in 1850.  Tháinig tú slán ón nGorta Mór, agus cloiseann tú gur chabhraigh na síntiúis a thug an pobal Choctaw (treibh de chuid Bhundúchasaigh Mheiriceá os cionn 4000 míle ar shiúl) don tír le bia a cheannach chun go dtiocfá as slán.  

Scríobh cárta poist chuig an treibh, ag insint dóibh conas atá an saol in Éirinn i ndiaidh an Ghorta agus céard a d'éirigh leis an síntiús flaithiúil de $170 (na mílte dollar in airgid an lae inniu!) a dhéanamh chun cabhrú leatsa agus leis an tír.

Cluiche: Tíortha Ceangailte

Níl ag teastáil ach beirt imreoirí chun an cluiche seo a imirt, ach le níos mó imreoirí beidh níos mó spraoi agaibh!

  • Suíonn gach duine i gciorcal agus deireann an chéad imreoir ainm tír éigin.
  • Caithfidh an chéad imreoir eile tír eile a ainmniú, a thosaíonn leis an litir dheiridh don tír roimhe.  Mar sin, mar shampla, má thosaíonn duine amháin ag rá "Sweden!" ansin caithfidh an chéad imreoir eile tír a rá a thosaíonn leis an litir 'N', mar sin bheadh Nigeria sásúil.  Ansin smaoiníonn an chéad duine eile ar thír a thosaíonn le ‘A’ agus mar sin de.
  • Muna féidir le imreoir smaoineamh ar thír, tá siad díbrithe go dtí an chéad bhabhta eile!

Bain sult as!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Freagraí - Spórt Le Bratacha 

An Fhrainc / An tSeapáin / An Bhrasaíl / An tSín / Iosrael / An Astráil