skip to main content

Rang 3 & Rang 4: Tíreolaíocht - Iarthar na hEorpa

Iarthar na hEorpa

Tá an domhan roinnte ina 7 mórchríocha ar a dtugtar ilchríocha.  Sin iad – an Áise, an Afraic, an Astráil, Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Theas, Antartaice agus an ceann go bhfuil cónaí orainne ann… an Eoraip!  Inniu dhírigh an Múinteoir John ar chuid de na tíortha in Iarthar an hEorpa.  

Feicimid an féidir leat cuimhneamh orthu

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Tráth na gCeist na hEorpa

  1. Cén airgeadra atá in úsáid sa Ríocht Aontaithe?  __________________________________
     
  2. Céard é teanga náisiúnta na Danmhairge?___________________________________________________________________________
     
  3. Cén chaoi a ndeirtear "Dia duit" i Spáinnis?___________________________________________________________________________
     
  4. I gcén chathair Eorpach atá Big Ben?_______________________________________________
     
  5. i)Cén t-ainm atá ar an sainchomhartha Francach sa phictiúr? ii) Cén chathair ina bhfuil sé?i)____________________________________________________________________
    ii)___________________________________________________________________
  6. i) Cad í príomhchathair na hIodáile?  _____________________________________________________________________
    ii) Cén t-ainm atá ar an bhfoirgneamh thíos atá le fáil inti?_____________________________________________________________________

Bain triail as bia ár gcuid Comharsan! 

 Is í an Bhreatain Bheag ceann de na tíortha is gaire dúinn san Eoraip. Mias traidisiúnta de chuid na Breataine Bige atá thar a bheith blasta is ea Welsh rarebit, nó Welsh rabbit nó Caws Pobi i mBreatnais. Tá sé ar nós cáis ar thósta déanta ar bhealach éagsúil, agus in aineoinn a ainm níl coinín ar bith ann.  Bain triail as, tá sé an-simplí é a dhéanamh!

Comhábhair - Dóthain do 4 

  • 225g / 8oz cáis chéadair éadrom grátáilte
  • 1 spúnóg bhoird margairín éadrom
  • 2 taespúnóg anlann Worcestershire
  • 1 taespúnóg cothrom de mustard tirim
  • 2 taespúnóg plúr bán, neamhéiritheach
  • 4 spúnóg bhoird bainne leathbhearrtha
  • Blaistigh le Piobar dubh meilte 
  • 4 slisní aráin lánghráin, tóstáilte ar thaobh amháin

Uirlisí – Sáspan, spúnóg adhmaid

Modh

  1. Cuir an cáis, plúr, mustard, anlann Worcestershire, margairín, agus piobar isteach sa sáspan
  2. Measc go maith agus ansin cuir an bainne isteach chun é a dhéanamh tais. Ná bíodh sé ró-fhliuch.
  3. Corraigh os cionn teas íseal é go bhfuil gach rud leáite, agus nuair atá sé ina taos tiubh, stop ag corraí, tiontaigh thart sa sáspan é, a dhéantar go héasca
  4. Fág é go mbeidh sé fuaraithe beagán, agus idir an dá linn tóstáil an arán ar thaobh amháin
  5. Smear an rarebit ar an taobh nach bhfuil tósáilte agus cuir faoi ghríoscán te é
  6. Is féidir an meascán a dhéanamh agus é a choinneáil sa chuisneoir ar feadh roinnt laethanta más gá

Moladh Tionlacain

Cuir chun boird in éineacht le sailéad úrbhriosc éadrom

Oideas curtha ar fáil ag safefood.eu

Agus anois Míol de chineál eile - 

Aimsigh 7 ndifríochtaí agus dathaigh an pictiúr

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Freagraí:  Mapa Iarthar na hEorpa: 1) an Íoslainn 2) an Iorua 3) an tSualainn 4) an Fhionlainn 5) an Danmhairg 6) Éire 7) an Ríocht Aontaithe 8) an Ísiltír 9) an Bheilg 10) an Ghearmáin 11) Lucsamburg 12) an Ostair 13) an Eilvéis 14) an Fhrainc 15) an Iodáil 16) an Spáinn 17) an Phortaingéil

Tráth na gCeist na hEorpa - 1) Punt steirling 2) Danmhairgis 3) Hola 4) Londain 5) i) Túr Eiffel ii) Páras 6) i) an Róimh ii) An Colasaem