skip to main content

Rang 1 & Rang 2: Eolaíocht

   

Mionainmhí

   

Is ainmhithe beaga iad na mionainmhithe nach bhfuil cnámharlach ar bith acu ina gcorp. Ó thaobh na heolaíochta de tugtar inveirteabraigh ar mhionainmhithe. Tá níos mó inveirteabraigh ar domhan ná aon chineál ainmhithe eile!

Anois feicfidh muid céard atá ar eolas agat faoi na mionainmhithe.

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn. 

Tá Muid Ag Dul Ar Thóraíocht Mhionainmhithe

An bhfuil sibh uilig réidh don tóraíocht mhionainmhithe?  

 Ag teastáil uaitSpúnóg mhiotail chun na mionainmhithe a phiocadh suas agus bosca im glan chun iad a choinneáil ann.  Gloine formhéadúcháin má tá ceann agat.  Is féidir leat an bileog oibre ag bun na bileoige gníomhaíochta a úsáid leis na rudaí a bhfaca tú a bhreacadh síos.

Cloí leis na Rialacha seo  

  • Ná bain úsáid as coimeadáin gloine. 
  • Ná fág na mionainmhithe san áit go mbeidh an ghrian ag soilsiú go díreach orthu. 
  • Fág olann chadáis nó ciarsúr tais ina dteannta más rud é go bhfuil siad le coinneáil sa mbosca ar feadh cúpla uair an chloig. 
  • Cuir clocha agus lomáin ar ais san áit a bhfuair tú iad. 
  • Cuir plástar ar aon ghearrtha sula dtéann tú ag tóraíocht agus ag láimhseáil na mionainmhithe. 
  • Nigh do lámha tar éis a bheith ag plé le mionainmhithe.

Cén áit gur chóir duit féáchaint

  • áiteanna dorcha tais 
  • faoi charraigeacha, lomáin agus clocha
  • Sna scoilteanna sa choirt agus barraíl
  • San fhéar fada
  • Ar nó faoi dhuilleoga agus bláthanna
  • San aer
  • I ndiaidh na báistí coinnigh súil amach do dhrúchtíní agus seilidí. Is breá leo é nuair atá sé fliuch!

Bealaí eile chun mionainmhithe a aimsiú 

Croith amach iad

Leag píosa éadach bán, cosúil le sean-bhraillín, ar an talamh faoi chrann nó sceach agus croith na géaga go réidh; ba chóir go dtitfeadh go leor mionainmhithe síos ar an mbraillín.  Pioc suas na mionainmhithe go cúramach le do spúnóg agus cuir sa choimeadán iad ionas gur féidir leat iad a fheiceáil níos éasca.  Scaoil saor iad nuair atá do críochnaithe ag féachaint orthu.  

Gaiste Cliste

Seo bealach iontach le breith ar roinnt de na mionainmhithe a shiúlann ar an talamh.

Ag teastáil uait

  • Cartán iógart glan nó cupán aon uaire plaisteach le poll sa mbun ionas gur féidir le haon uisce a fhaigheann isteach imeacht as.  
  • Clocha agus píosa scláta nó tíl chun díon a dhéanamh.  
  • Olann chadáis a bhí ar maos le huisce ionas gur féidir leis na mionainmhithe deoch a bheith acu
  • Píosa úll nó banana chun iad a mhealladh isteach sa ghaiste agus iad a choinneáíl breá beathaithe.
  • Clocha, duilleoga nó caonach chun gur féidir leo dul i bhfolach ionas nach bhfeiceann agus nach n-itheann na mionainmhithe móra iad.  Ná cuir an iomarca isteach nó baileoidh siad amach as. 

Conas an gaiste cliste a dhéanamh

  1. Déan poll a thochailt sa chré chomh mór le do chartán iógart.
  2. Leag síos an cartán sa pholl agus déan cinnte go bhfuil an béal ar aon leibhéal go díreach le dromchla na talún. 
  3. Cuir isteach an bia, olann chadáis, agus rudaí le dul i bhfolach fúthu, isteach sa ghaiste.  
  4. Clúdaigh an gaiste leis an tíl nó scláta, á ardú den talamh ag úsáid clocha ionas gur féidir leis na mionainmhithe gluaiseacht faoi go héasca agus isteach sa ghaiste.  
  5. Fág an gaiste thar oíche agus seiceáil an mhaidin dár gcionn é.  
  6. Déan taifead ar na mionainmhithe atá i ngreim agat sa ghaiste agus ansin scaoil saor iad. 

Deifrigh! Sábháil an phéist!

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn. 

Freagraí – Ainmnigh an mionainmhí - Céadchosach, beach, ciaróg, seilide, cláirseach, péist, bóín dé, snáthaid mhór, cuileog, gailseach, drúchtín, féileacán, bolb, galán, damhán alla, foiche.