Meáchan
Tomhaistear meáchan ina ngraim agus ina gcileagraim
1000g = 1kg
m.sh. 2500g = 2.5kg
An féidir leat na ceisteanna seo bunaithe ar mheáchan a réiteach?
Maths problems kindly provided by Twinkl.ie
1. Thug Sarah 3 chás chuig an aerfort. Bhí an chéad cás 7.45kg meáchain, an dara cás 101⁄2kg meáchain agus an tríú cás 3450g meáchain. Cén meáchan iomlán a bhí sa trí chás?
2. Sa mbácús, bhí 500g plúr ag teastáil do 12 cístíní cupa. Cé mhéad plúir atá ag teastáil do 48 cístíní cupa?
3. Cén meáchan atá i mála scoile David más rud é go bhfuil 7 leabhar atá 1⁄4 kg meáchain an ceann, agus 4 cóipleabhar atá 150g meáchain an ceann sa mhála aige?
4. Tá cráta úlla 8920g meáchain. Tá cráta fataí 12.35kg meáchain. Cén difríocht atá eatarthu?
5. Tá 6 banana 800g meáchain. Cén meáchan a bhéas ag 12 banana?
6. An meáchan iomlán atá ag 3 choileáin ná 16kg 780g. Bhí coileán amháin 5.25kg meáchain, an dara ceann 4 1⁄4 méachain. Cén meáchan a bhí ag an tríú coileán?
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Eolaíocht Shínte
Sa ghníomhaíocht seo úsáidtear an fad a shíneann banda leaisteach chun meáchan rud éigin a oibriú amach i gcomparáid le rudaí eile.
Ag teastáil uait – Leaistic, pionna éadaigh / fáiscín docht, rogha rudaí gur féidir a mheá, maide fada nó scuab chun an leaistic a cheangail leis, 2 chathaoir gur féidir an scuab nó maide a leagann trasna air, rialóir nó miosúr, scálaí.
Modh:
- Ceangail na fáiscíní le do leaisticí
- Ceangail an leaistic leis an scuab. Ba chóir na leaisticí ar fad a bheith ar comhfhad.
- Fáisc do chuid rudaí air
-
Tabhair faoi deara cé chomh fada agus a shíneann an leaistic le gach rud éagsúil. An bhfuil a fhios agat céard é an rud is troime agus is éadroime?
-
Tomhais cé chomh fada a shíneann an leaistic agus breac síos ar thábla é cosúil leis an gceann thíos.
-
Meas cén meáchan atá ag rud agus ansin déan é a mheá go bhfeicfidh tú an raibh do bhuille faoi thuairim i bhfad amach.
Réad | Fad Sínte | Meáchan a Mheastar | Fíormheáchan |
Fan, tá turgnamh meáchain eile againn!
An raibh a fhios agat go bhfuil meáchan in aer? Is fíor sin! Agus cruthaíonn an turgnamh seo é.
Ag teastáil uait – Dhá bhalún séidte ar cóimhéid, rialóir adhmaid, sreangán / snáth / olann, biorán beag / snáthaid.
- Ceangail píosa sreangáin thart ar lár do rialóra agus greamaigh leis an scuab é a bhí agat don ghníomhaíocht eile.
- Ceangail píosa sreangáin ar cóimhéid le gach balún.
- Ceangail an sreangán leis an mbalún ar an dá cheann den rialóir.
- Bog an sreangán do dtí lár an rialóra go dtí go bhfuil cothromaíocht idir na balúin ag cinntiú nach bhfuil claonadh ar thaobh amháin seachas an taobh eile agus go bhfuil sé comhthreomhar leis an urlár.
- Anois faigh rud éigin géar agus cuir poll sa mbalún, sa bhun ionas nach bpléascann sé, agus lig don aer teacht amach.
- Céard a tharla?
- Cén fáth gur tharla sé?
Tá an rialóir ag claonadh mar gheall ar an mbalún atá fós lán le haer, a thaispeánann go bhfuil meáchan in aer.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Freagraí – 1) 21.4kg / 21,400g 2) 2kg / 2000g 3) 2.35kg / 2350g 4) 3.43kg / 3430g 5) 1.6kg / 1600g 6) 7.28kg / 7280g