Teicnící Péinteála-Bláthanna

Mar a thaispeáin an Múinteoir John dúinn, tá go leor teicnící éagsúla gur féidir a úsáid le pictiúir de bhláthanna a dhéanamh sa bhaile, fiú muna bhfuil mórán soláthairtí ealaíne agat. 

Gais Coinlíní

Cuir bloba péinte ar chárta nó ar bhileog pháipéir, ansin agus tú ag úsáid coinlín, séid air ó thaobhanna éagsúla chun an péint a scaipeadh ina gcruthanna éagsúla chun na gais ar an bplanda nó bláth a chruthú.  Maisigh in aon bhealach gur mian leat!

Baitíní Cadáis

Má úsáideann tú baitíní cadáis atá ceangailte le chéile is féidir leat an phéint a scaipeadh i línte chorracha le gais na mbláth a chruthú.  Maisigh le bachlóga bhlátha agus duilleoga.

Bláthanna Forc

Cruthaigh roinnt tiúilipí gleoite trí forc a thumadh sa phéint, ansin brúigh síos ar an bpáipéar é le cruth na mbláth a dhéanamh. Bí cinnte an forc a ní go maith ina dhiaidh!

Tá an oiread dearaí éagsúla gur féidir leat a chruthú ag úsáid earraí atá agat sa bhaile.  Féach céard is féidir leat a fháil agus seol isteach chugainn iad!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Déan É: Bláth Samhraidh

Agus an oiread pháipéir leithris ceannaithe againn le tamall anuas, ba chóir go mbeadh neart rollaí folamh timpeall an tí!  Bealach cliste chun iad a ath-úsáid ná trí bláth álainn samhraidh a dhéanamh astu, agus beidh do theach níos gile dá bharr.

Ag teastáil uait:

  • 4 rolla páipéar leithris folamh do gach bláth atá tú ag iarraidh a dhéanamh.
  • Stáplóir
  • Téip ghreamaitheach
  • Maide don gas
  • Péinteanna daite

Céim 1:  Fill trí rolla ina dhá leath ach fág na ciumhaiseanna cuartha agus ná leacaigh iad (seo na peitil ar na bláthanna).

Céim 2:  Stápláil an dá leath le chéile mar a fheiceann tú agus déan é seo leis an trí rolla eile freisin.

Céim 3:  Stápláil peiteal amháin ar gach rolla, leis an bpeiteal ar an gcéad rolla eile fillte ionas go gcríochnaíonn tú le ciorcal de pheitil, stápláilte le chéile. Ta da!  Sin agat do bhláth!

Céim 4: Úsáid maide adhmaid tanaí (nó maide nó cipín ón ghairdín fiú!) don ghas ar an mbláth, agus ceangail é ag úsáid an stáplóir más féidir leat, nó an téip ghreamaitheach.  

Céim 5: Fill an ceathrú rolla páipéar leithris agus greamaigh é ar an gceann eile den mhaide (ag úsáid stáplaí nó téip ghreamaitheach).  Déanann sé seo na duilleoga ar an mbláth ag an mbun.

Céim 6: Bí chomh cruthaitheach agus is féidir leat agus tú ag péinteáil do bhláth. Amhlaidh is mó samhlaíochta is fearr é!

Ag Gáire Le Bláthanna

Tá muidne ag baint sult as na jócanna bláthanna seo!

  • How do two flowers greet each other?  "Hey bud, how’s it growing?"
     
  • What do you call a grandpa flower?  Poppy.
     
  • What did the flower say after he told a joke?  I was just pollen your leg!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.