skip to main content

Rang 1 & Rang 2: Gaeilge

   

Bí Ag Canadh Linn!

   

D'fhoghlaim muid amhrán spraíúil leis an Múinteoir Ray inniu faoi chrogall. An féidir leat smaoineamh ar an amhrán?  Seo na focail arís agus is féidir leat a  bheith ag canadh linn!

Seachan an Crogall

Tá crogall san uisce,
Nach gránna é!
Itheann sé páistí le haghaidh an tae

Dia duit a chrogaill,
Ná maraigh mé
An ligfidh tú trasna na habhann mé?

Ollmhargadh Trína Chéile

Scag agus cuir in ord na hainmeacha bia seo. Freagraí ag bun an leathanaigh - seiceáil nuair atá tú críochnaithe!

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.  

Script: Ag Siopadóireacht - Cé Mhéad?

Cén fáth nach mbunaíonn tú do shiopa bia féin sa bhaile, díreach mar a thaispeáin an Múinteoir Ray daoibh sa rang inniu? Seo an script chun sibh a thosnú!

Siopadóir: Dia duit.

Custaiméir: Dia is Muire duit.  Cé mhéad atá ar _________? (an gcabáiste, an leitís, an gcairéad, na pónairí, na piseanna)

Siopadóir: Deich cent (nó fiche, nó euro srl.)

Custaiméir: Seo duit __________ cent/euro.

Siopadóir: Seo duit an briseadh, ocht cent.

Custaiméir: Go raibh maith agat.

Siopadóir: Slán go fóill!

Custaiméir: Slán!

Liosta Siopadóireachta

Scríobh síos liosta siopadóireachta. Scríobh praghas in aice leis na rudaí eagsúla.

Aimsigh Do Shlí Tríd An Lúbra Bia

Féach an féidir leat do bhealach a dhéanamh tríd an lúbra bia. An réiteach le fáil ag bun an leathanaigh.

 

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.  

FREAGRAÍ - BIA TRÍNA CHÉILE

  1. SICÍN
  2. ARÁN
  3. ORÁISTE
  4. MIL
  5. TRÁTA
  6. CÍSTE

RÉITEACH - LÚBRA BIA